Oícheanta Eolais ar Thíosacht Fuinnimh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

woman giving presentation in room full of people sitting down

Saineolas chun cuidiú le cónaitheoirí feabhas a chur ar a gcompord san áras cónaithe, costais fuinnimh a laghdú agus foghlaim faoi na huasghráduithe inbhuanaithe atá ar fáil

 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí chuig sraith nua de na hOícheanta ar Thíosacht Fuinnimh a bheidh ar siúl ar fud na cathrach le linn 2026. Tabharfar deis do chónaitheoirí níos mó a fhoghlaim faoi fheidhmíocht fuinnimh san áras cónaithe a fheabhsú, billí fuinnimh a laghdú agus eolas a chur ar na roghanna iarfheistithe praiticiúla atá ar fáil ag na himeachtaí saor in aisce seo atá dírithe ar an bpobal.

 

Beidh an chéad imeacht sa tsraith ar siúl in Ionad Pobail Chnoc na Cathrach Dé Máirt an 31 Márta ag 6:30pm agus seolfar an tionscnamh go hoifigiúil ann. Beidh seastáin eolais, cainteanna ó shaineolaithe, taispeántais ar theicneolaíochtaí a bhaineann le fuinneamh, ina measc painéil ghréine, teaschaidéil agus rothair leictreacha, treoir ar na deontais atá le fáil agus deiseanna do chónaitheoirí labhairt go díreach le daoine gairmiúla a oibríonn i réimsí an uasghrádaithe fuinnimh don áras cónaithe, an airgeadais agus an inbhuanaitheachta. Cuirfidh Foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don Ghníomhú ar son na hAeráide nuashonruithe ar chláir agus gníomhartha atá á gcur i bhfeidhm ar fud na cathrach faoi Phlean Gníomhaíochta an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide i láthair.

Tá sé d’aidhm ag an tsraith imeachtaí seo, atá ag cur leis an rath a bhí ar imeachtaí den chineál céanna roimhe seo, eolas praiticiúil, inrochtana agus iontaofa a chur ar fáil do phobail ar fud an Gaillimhe. Beidh an tsraith seo, atá á éascú ag an gComhairle agus atá dírithe ar an bpobal, ar siúl i rith na bliana i gcomharsanachtaí ar fud na cathrach.

 

 

Dátaí na nImeachtaí

Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl san oíche.

  • Ionad Pobail Chnoc na Cathrach – Dé Máirt an 31 Márta @ 6:00pm.
  • Ionad Pobail na Rinne Móire – Dé Máirt an 30 Meitheamh @ 6:00pm.
  • Ionad Pobail an Taoibh Thiar – Deireadh mhí Mheán Fómhair (dáta le socrú).
  • Ionad Pobail Bhaile an Phoill – Dé Máirt an 1 Nollaig @ 6:00pm.

 

Is éard a dúirt An Comhairleoir Mike Cubbard, Méara Chathair na Gaillimhe, ‘Is deis iontach é seo do chónaitheoirí tuilleadh a fhoghlaim faoi na roghanna atá ar fáil dóibh, ó dheontais go bealaí maoiniúcháin go teicneolachtaí ar nós insliú, fuinneamh gréine agus teaschaidéil. Cuirfear comhairle shoiléir agus samplaí ón bhfíorshaol ar fáil ag gach imeacht chun cuidiú le daoine cinntí eolasacha a dhéanamh. Molaim don oiread daoine agus is féidir a bheith i láthair ag an imeacht seolta i gCnoc na Cathrach agus ag na oícheanta eile i rith na bliana.

 

Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ‘Tá áthas orainn an tsraith nua Oícheanta Eolais ar Thíosacht Fuinnimh seo a sheoladh, a gcuirfear tús léi i gCnoc na Cathrach. Tacaíonn na hoícheanta seo le Comhairle Cathrach na Gaillimhe na gealltanais atá leagtha amach di i bPlean Gníomhaíochta an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide, na freagrachtaí atá uirthi faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin 2021, agus a rannpháirtíocht i gClár na gCuradh ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2025-2027 a chur i gcrích. Tá tionscnaimh ar an gcaoi seo atá dírithe ar an bpobal ríthábhachtach chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh atá againn ar fud na cathrach a chomhlíonadh.’

 

Céard leis ar cheart do chónaitheoirí a bheith ag súil?

Beidh an méid seo a leanas i gceist le gach Oíche Eolais ar Thíosacht Fuinnimh:

  • Seastáin eolais á reáchtáil ag eagraíochtaí a bhfuil saineolas acu ar thíosacht fuinnimh, ar iarfheistiú don áras cónaithe, ar theicneolaíochtaí in-athnuaite agus ar thacaíocht airgeadais.
  • Cur i láthair ar na deontais atá ar fáil agus ar roghanna uasghráduithe fuinnimh don áras cónaithe a thabharfaidh cúnamh do chónaitheoirí an bealach is fearr is féidir a aimsiú chun feabhas a chur ar a gcuid áras cónaithe.
  • Deiseanna labhairt go díreach le saineolaithe agus le comhairleoirí teicniúla ionas go mbeidh cónaitheoirí in ann ceisteanna a chur agus treoir shoiléir phraiticiúil a fháil atá bainteach go sonrach dá gcuid riachtanas.
  • Taispeántais ar theicneolaíochtaí a bhaineann le fuinneamh, ina measc soghluaisteacht leictreach agus trealamh iarfheistithe chun an chaoi a n-oibríonn na teicneolaíochtaí seo i gcleachtas a léiriú mar aon leis an gcaoi ar féidir leo feabhas a chur ar a gcompord, úsáid fuinnimh a laghdú agus tacú le hárais chónaithe atá níos tíosaí.
  • Eolas ó Fhoireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe don Ghníomhú ar son na hAeráide ar ghníomhaíochtaí, tionscadail agus tacaíochtaí atá ar bun agus le fáil ar fud na cathrach maidir le cur i gcrích Phlean Gníomhaíochta an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide.

 

Beidh an t-ádh le cónaitheoir amháin ag gach imeacht a gheobhaidh Measúnú Fuinnimh don Áras Cónaithe saor in aisce. Déanfaidh urraitheoir na duaise an tarraingt chun na buaiteoirí a roghnú. Cuirfidh an soláthróir Measúnuithe Fuinnimh don Áras Cónaithe ar phraghas níos ísle ar fáil go díreach don uile dhuine a bheidh i láthair.