Pacáistí Foghlama agus Eolais maidir le hÍocaíochtaí Páirceála seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Group with Mayor at Parking Information Pack Launch outside City Hall

 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag Comhoibriú le hOiliúnóirí Litearthachta in BOO na Gaillimhe agus Ros Comáin agus Aoisghníomhaíocht Éireann chun tacú le Cumarsáid shoiléir, ionchuimsitheach maidir le hÍocaíochtaí Páirceála

Bhí Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, le hOiliúnóirí Litearthachta ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) agus Aoisghníomhaíocht Éireann an tseachtain seo (Dé hAoine an 16 Eanáir) chun ‘Pacáiste Eolais agus Foghlama’ Páirceála nua a sheoladh. Rinneadh an pacáiste a fhorbairt le saineolaí litearthachta chun cabhrú le daoine na roghanna íocaíochta páirceála uasdátaithe atá ar fáil ar fud na cathrach a thuiscint go héasca. Úsáidfear na pacáistí mar chuid de chláir oiliúna inniúlachta digití saor in aisce GRETB agus Aoisghníomhaíocht Éireann. Má tá aithne agat ar dhuine a bhainfeadh tairbhe as tacaíocht, roinn an pacáiste faisnéise agus na teagmhálacha do GRETB/ Age Action leo.Tá na pacáistí ar fáil ar líne chomh maith - féach www.GalwayCity.ie chun tuilleadh eolais a fháil ar oiliúint agus ar phacáistí. 

 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Tá athrú tagtha le gairid ar an gcaoi a n-íoctar as páirceáil i gCathair na Gaillimhe le gairid. Is féidir leat íoc anois ar an aip saor in aisce ‘Galway City Parking’; ar líne ar www.GalwayCityParking.ie; ar an bhfón ag 091 894 300; nó i siopa Payzone i gCathair na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chinntiú go mbeidh an t-aistriú seo chomh héasca agus is féidir do gach duine. Dá bhrí sin, d’oibrigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le saineolaí litearthachta chun acmhainn a fhorbairt a chabhróidh le daoine íoc as a gcuid páirceála ar an gcaoi is fearr a fheileann dóibh féin, cibé más páirceáil ar an tsráid atá ann nó i gceann de cheithre charrchlós Chomhairle Cathrach na Gaillimhe lena mbaineann táillí. Gabhaimid buíochas lenár bpáirtnéirí in Aoisghníomhaíocht Éireann agus in GRETB as páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo.”

 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe cúrsaí páirceála a dhéanamh simplí, cóir agus éasca do gach duine. Is fearr le daoine áirithe íocaíochtaí digiteacha, ach teastaíonn ó dhaoine eile airgead tirim a úsáid. Cuidíonn an córas nua íocaíochta leis an dá dhream. Leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe d’eolas agus tacaíocht a thabhairt chun nach bhfágfar aon duine ar lár. Áirítear leis seo daoine atá ag foghlaim scileanna digiteacha, daoine a bhfuil riachtanais litearthachta acu, daoine scothaosta, cuairteoirí, agus aon duine a dteastaíonn cúnamh breise uathu. Is cuma cén bealach a n-íocann tú anois, ní theastaíonn ticéad páipéir uait. Tar éis duit íoc as an bpáirceáil, ní gá duit aon rud a chur ar taispeáint ar fhuinneog do chairr.”

 

Dúirt Patrick Fox, Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta, Litearthacht d’Aosaigh ar feadh an tSaoil, GRETB, “Tá áthas ar GRETB comhoibriú leis an tionscnamh tábhachtach seo le hAoisghníomhaíocht Éireann agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Léiríonn an ‘Pacáiste Eolais agus Foghlama’ Páirceála tiomantas na Gaillimhe do riachtanais litearthachta d’aosaigh, agus tugann sé aghaidh ar phríomhaidhmeanna na straitéise Litearthachta d’Aosaigh ar feadh an tSaoil: bacainní a bhaint, ionchuimsitheacht a chur chun cinn, agus a chinntiú gur féidir le gach duine faisnéis riachtanach a fháil go muiníneach. Tá cumarsáid shoiléir ina bunchloch don litearthacht, agus taispeánann an tionscadal seo an méid is féidir a dhéanamh nuair a oibríonn seirbhísí poiblí agus pobail le chéile. Léiríonn tiomantas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe d’fhaisnéis inrochtana, áisiúil don úsáideoir dlúthpháirtíocht le foghlaimeoirí i ngach aoisghrúpa agus ar gach cumas, agus is ábhar mórtais dúinn tacú leis an obair seo trínár gcláir oiliúna dhigiteacha agus litearthachta.”

 

Dúirt Hannah Delaney, Oifigeach Forbartha an Iarthair, Aoisghníomhaíocht Éireann, “Is ábhar mórtais d’Aoisghníomhaíocht Éireann tacú le daoine scothaosta chun muinín agus scileanna a fhorbairt chun an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid. Cuirfimid na Pacáistí Eolais agus Foghlama Íocaíochtaí Páirceála ar fáil in Getting Started, clár inniúlachta digiteach atá saor in aisce. Tacaíonn Getting Started le daoine scothaosta dul ar líne nó an fón cliste a úsáid go muiníneach, trí fhoghlaim duine le duine le teagascóir deonach, ar a luas féin. Beidh na pacáistí ar fáil trí Mhol Pobail Aoisghníomhaíocht Éireann agus an tseirbhís Buail Isteach Dhigiteach saor in aisce. Fáiltíonn Aoisghníomhaíocht Éireann roimh sholáthar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do dhaoine ar mian leo íoc ar an bhfón nó le hairgead tirim i siopaí Payzone, chun freastal ar dhaoine nach mbíonn ar líne.”

 

Na nithe atá san áireamh sna Pacáistí Eolais:

Tá treoir shoiléir, céim ar chéim sna pacáistí maidir le:

  • Ceithre bhealach éasca chun íocaíocht a dhéanamh - ar an aip, ar líne, ar an bhfón nó i siopa Payzone
  • An t-eolas a theastaíonn uait chun páirceáil a íoc
  • Cá bhfuilim páirceáilte? ‘Zóin’ Pháirceála i gCathair na Gaillimhe
  • Táillí páirceála
  • Eolas faoi shiopaí Payzone ina bhféadfaidh tú íoc le hairgead tirim nó le cárta
  • An áit ar féidir tuilleadh eolais agus tacaíocht do chustaiméirí a fháil
  • Seirbhís Dhigiteach Buail Isteach saor in aisce - duine le duine chun cabhrú le gairis dhigiteacha. Dé Máirt 11am-12pm.
  • Clár inniúlachta digití ‘Getting Started’ cúig seachtaine saor in aisce - meaitseáiltear foghlaimeoirí duine le duine le teagascóir deonach. Ní mór clárú roimh ré. Tá ranganna 2026 ag tosú in ionaid éagsúla ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe.   
  • Maidin chaife agus ceoil mhíosúil saor in aisce 

 

An Áit a bhfaighidh tú an Pacáiste Eolais agus Foghlama:

Tá na pacáistí le fáil i mBéarla agus i nGaeilge ar www.GalwayCity.ie

Tá pacáistí ar fáil freisin ó Mhol Pobail Aoisghníomhaireacht Éireann ar Shráid San Proinsias (oscailte Dé Máirt agus Déardaoin, 10am go 1pm). 

Reáchtáilfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe seisiúin eolais buail isteach saor in aisce do ghrúpaí pobail sa chathair. Chun seisiún a iarraidh, déan teagmháil le CustomerService@GalwayCity.ie

Cuirfidh seisiúin oiliúna inniúlachta digití GRETB agus Aoisghníomhaireacht Éireann oiliúint ar fáil maidir leis na pacáistí eolais agus foghlama páirceála do dhaoine a bhfuil suim acu ina leithéid.

 

Deiseanna Oiliúna le GRETB agus Aoisghníomhaireacht Éireann:

Aoisghníomhaireacht Éireann - Seirbhísí Saor in Aisce do Dhaoine Scothaosta i nGaillimh:

Tá Mol Pobail Aoisghníomhaireacht Éireann do dhaoine scothaosta ar Shráid San Proinsias i gCathair na Gaillimhe, H91XF1P, agus tá trí phríomhghníomhaíocht ar fáil faoi láthair:

Chun tuilleadh eolais a fháil, glaoigh ar: (091) 527 831, nó seol ríomhphost chuig: info@AgeAction.ie 

 

Oiliúint Litearthachta Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin

Tá roinnt cúrsaí oiliúna ag tosú an mhí seo. 

Tá Clinicí Digiteacha Buail Isteach ar bun chomh maith i dTuaim, i mBaile Átha an Rí, in Órán Mór, sa gClochán agus i mBaile Locha Riach, agus tá tuilleadh suíomhanna beartaithe.

Déan teagmháil le hOifigeach Litearthachta d’Aosaigh chun tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí Inniúlachta Digití i do cheantar féin, nó féach www.GABES.ie./Literacy--Numeracy

 

Oifigigh Litearthachta d’Aosaigh i nGaillimh 

 

 

Le feiceáil sa bpictiúr ag seoladh na ‘bPacáistí Eolais agus Foghlama’ Páirceála tá (ó chlé go deas):

Ar chúl: Patrick Fox, Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta do Litearthacht d’Aosaigh ar feadh an tSaoil, GRETB; Lisa Martyn, Leabharlannaí, Leabharlann an Bhaile Bháin; Ruth Kelly, Seirbhís Bhunoideachais d'Aosaigh na Gaillimhe, GRETB; Mary Dunne, Príomhchomhairleoir/Stiúrthóir, IRegan; Oliver Lydon, Oifigeach Forbartha Pobail agus Uirbeacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Natalie Coen, Oifigeach Forbartha Pobail agus Uirbeacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Martin Kenny, Oifigeach Riaracháin, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Deirdre Keaney Cunningham, Oifigeach Forbartha Pobail agus Uirbeacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe. 

Chun tosaigh: Hannah Delaney, Oifigeach Forbartha an Iarthair, Aoisghníomhaíocht Éireann; Caroline Rowan, Caroline Rowan, Leabharlann na Cathrach; Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard; Arlene Finn, Oifigeach Cumarsáide, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Michelle Fahy, Oifigeach Foirne Cúnta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Brendan Moriarty, garthóir Litearthachta d’Aosaigh Chathair na Gaillimhe, GRETB. 

Grianghraf: Aengus McMahon.