Sábháilteacht san Ionad Oibre á Cur Chun Cinn ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe tríd an bhFeachtas ‘Live for Lorcan’

staff standing with van with Live for Lorcan logo

Is údar mórtais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacú leis an bhfeachtas náisiúnta, agus a bheith páirteach sa bhfeachtas ‘Live for Lorcan’, faoina dtreisítear tiomantas leanúnach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i leith shábháilteacht agus folláine a cuid foirne agus an phobail níos leithne.

Glacann an tionscnamh Live for Lorcan cur chuige pearsanta i bhfad níos doimhne i leith na sábháilteachta, atá á spreagadh ag bás tragóideach Lorcan Deasy mar gheall ar thimpiste a tharla san ionad oibre in 2018. Is í máthair Lorcan, Marian Deasy in éineacht le Electric Skyline, a bhunaigh an feachtas Live for Lorcan a fhaigheann tacaíocht ón nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA), an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA), agus an tAire Stáit do Ghnólachtaí Beaga, Fostaíochta agus Miondíola, Alan Dillon TD.

Tá teachtaireacht chumhachtach, trí oiliúint, seisiúin eolais agus cumarsáid, á cur chun cinn leis an bhfeachtas, atá dírithe ar fhreagracht phearsanta, cuntasacht chomhroinnte, agus an tábhacht a bhaineann le roghanna sábháilte a dhéanamh gach uile lá. Leagtar béim sa bhfeachtas nach mbaineann sábháilteacht san ionad oibre díreach le nósanna imeachta agus le comhlíonadh, baineann sé freisin le daoine, lena dteaghlaigh, agus leis an tábhacht atá le bheith ábalta filleadh abhaile ag deireadh an lae. 

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar chuid den bhaint atá aici leis an bhfeachtas, óstach ar Sheimineár Sábháilteachta Ardtionchair ‘Live for Lorcan’ an 25 Meitheamh, agus ba í Marian Deasy a thug an phríomhóráid don fhoireann oibríochtaí. Tá an Seimineár Sábháilteachta Ardtionchair ar cheann de chuspóirí sonracha Chlár Sláinte agus Sábháilteachta 2026 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a thacaíonn lena tiomantas creidiúnú ISO45001 a bhaint amach trí fheasacht ar an tsábháilteacht a láidriú agus, iompar sábháilteachta agus cultúr dearfach sábháilteachta a chur chun cinn agus an tábhacht a bhaineann le gach fostaí filleadh abhaile go sábháilte gach aon lá a threisiú.

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, béim ar thábhacht an tionscnaimh:

“Is feachtas tábhachtach atá i gceist anseo a chuireann ar na súile do chriúnna céim bhreise a ghlacadh ionas go bhfuil siad ag tabhairt aire dóibh féin agus dá chéile ag an obair. Tá an obair atá idir lámha ag ár gcuid foirne ar fud na cathrach ar bhonn laethúil riachtanach, ach d’fhéadfadh baol a bheith i gceist leis an obair sin freisin, agus tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí tús áite don tsábháilteacht i ngach rud a dhéanaimid. Is comhghleacaí, cara agus dhuine den teaghlach a bhfuil ardmheas orthu gach aon duine den chriú, agus teastaíonn uainn go léir go dtiocfadh siad abhaile slán sábháilte. Cuidíonn tionscnaimh ar nós Live for Lorcan le fócas ar an duine a choinneáil i gcroílár ár gcinnteoireachta agus leis an bhfreagracht atá á roinnt againn go léir a threisiú chun go mbeidh ionad oibre sábháilte againn.”

Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, aitheantas don ról ríthábhachtach atá ag comhoibriú an phobail chun timpeallachtaí oibre sábháilte a chinntiú ar fud na cathrach:

“Tugtar tús áite don tsábháilteacht i gComhairle Cathrach na Gaillimhe – don phobal agus dár gcriúnna araon – agus teastaíonn uainn go léir a bheith freagrach as timpeallacht shábháilte oibre a chur ar fáil. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an bpobal as a gcomhoibriú agus a gcuid foighne nuair a bhíonn oibreacha ag dul ar aghaidh sa gcathair. Oibríonn ár gcuid foirne go minic in áiteanna a bhíonn gnóthach, agus tá tacaíocht an phobail ó thaobh comharthaíocht a leanúint, meas a léiriú ar bhacainní agus an deis agus an spás a thabhairt do chriúnna a theastaíonn uathu lena gcuid oibre a dhéanamh thar a bheith tábhachtach agus is mór againn a dtacaíocht. Táimid ag leanúint, trí fheachtas Live for Lorcan, lenár gcultúr sábháilteachta a neartú agus lena chinntiú go bhfuil folláine na foirne agus an phobail i gcroílár ár gcuid oibríochtaí i gcónaí.”

Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cur ábhar feachtais agus teachtaireachtaí sábháilteachta amach ar fud a cuid oibríochtaí, lena n-áirítear seisiúin sábháilteachta, gearrchomhrá roimh obair agus cumarsáid suímh, ar mhaithe lena chinntiú go mbíonn teachtaireacht an fheachtais feiceálach, go ndéanann sé ciall agus go bhfuil tionchar aige ó thaobh na foirne go léir.

Trína bheith rannpháirteach i Live for Lorcan, leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis an gcultúr sábháilteachta láidir atá aici a threisiú, daoine a chur i gcroílár a cuid oibríochta go léir agus a tiomantas a athdhearbhú lena chinntiú go dtéann gach ball foirne abhaile go slán sábháilte gach lá.