Tá an-áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil Scéim 2026 chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú seolta, tionscnamh €275,000 atá dírithe ar athbheochan a dhéanamh ar shráid-dreacha tráchtála na cathrach. Tacaíonn an scéim le feabhsuithe ar ardchaighdeán a dhéanamh ar aghaidheanna siopaí, feabhsuithe atá íogair ó thaobh an chultúir de, agus a bhfuil leanúnachas i gceist, ag cur feabhas ar charachtar uathúil na Gaillimhe agus ag cur borradh faoin ngeilleagar áitiúil. Cuirtear cúnamh airgid ar fáil faoin scéim do ghnólachtaí neamhspleácha miondíola agus fáilteachais chun feabhas a chur ar chuma, inrochtaineacht agus luach oidhreachta aghaidheanna a siopaí. Iarrtar ar ghnólachtaí incháilithe iarratas a dhéanamh ar an scéim faoin Dé hAoine 30 Meitheamh 2026.
Samplaí d’iarratasóirí incháilithe:
- Gnólachtaí neamhspleácha miondíola agus fáilteachais a bhfuil áitreabh acu a bhfuil a aghaidh ar shráid atá suite laistigh de theorainneacha na trí Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) - LCA Chroí na Cathrach, LCA Shráid Dhoiminic Íochtarach agus LCA na Faiche Móire agus ceantar Bóthar na Trá.
- Úinéirí nó léas-sealbhóirí (le cead an tiarna talún)
- Gnólachtaí a chomhlíonann rátaí tráchtála agus rialacháin phleanála
Tacaítear le réimse leathan feabhsúchán faoi scéim na bliana seo, ó athchóiriú traidisiúnta go comharthaíocht dhátheangach, uasghráduithe inrochtaineachta agus comhoibriú ealaíne le healaíontóirí áitiúla.
Tá deontais suas le €20,000 ar fáil, chun suas le 50% go 75% de na costais incháilithe a chlúdach, ag brath ar an obair atá i gceist. I measc an chineáil oibre a dtacaítear leis, tá:
- Deisiúchán ar aghaidheanna siopaí, péinteáil, agus comharthaíocht dhátheangach.
- Inrochtaineacht a fheabhsú agus glanadh tranglaim
- Feabhsúcháin nó deisiúcháin ar Struchtúir Chosanta agus ar fhoirgnimh laistigh de na trí LCA (LCA Chroí na Cathrach, LCA Shráid Dhoiminic Íochtarach agus LCA na Faiche Móire)
- Comhoibriú le healaíontóirí áitiúla agus scileanna traidisiúnta tógála a úsáid
Glacfar le comhiarratais ó ghnólachtaí atá in aice lena chéile agus d’fhéadfadh níos mó tacaíochta ar fáil ina leith sin.
Ní mór iarratais a chur isteach ar líne trí Scéim Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú 2026
Is é an Dé hAoine 30 Meitheamh 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Tacaítear leis an tionscnamh seo tríd na Rátaí Tráchtála agus an Cháin Mhaoine Áitiúil.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach na doiciméid thíos, seol ríomhphost chuig shopfront@galwaycity.ie, nó glaoigh ar Fhorbairt Eacnamaíochta ar 091 536 400.
GA Shopfront Enhancement Scheme 2026 - Guidelines for Applicants..pdf