Tacaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe le féilte pobail i gceantair áitiúla chun rannpháirtíocht i saol an phobail a spreagadh. Tacóidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le féilte nó le himeachtaí a eagraíonn agus a reáchtálann grúpaí pobail áitiúla agus grúpaí cónaitheoirí mar bhealach chun an pobal áitiúil a athnascadh chun rannpháirtíocht i gcomharsanachtaí ar fud Chathair na Gaillimhe a spreagadh, a thacú agus a cheiliúradh.
Tá ciste iomlán €25,000 ar fáil i mbliana agus iarrtar ar ghrúpaí pobail áitiúla ar spéis leo féile nó imeacht a phleanáil i gCathair na Gaillimhe sna míonna amach romhainn iarratas a dhéanamh.
-
Ní mór d’imeachtaí agus féilte a bheith ar siúl i rith na bliana 2026 agus tráth nach déanaí ná an 30 Samhain 2026.
-
Beidh deontais idir €300 agus €2,000 i gceist.
Is é an spriocdháta d'iarratais ar líne ná Dé Luain, an 9 Márta 2026 ag 12.00pm.
Chun d'iarratas a dhéanamh ar líne ar Dheontas na bhFéilte Pobail Áitiúla, déan iarratas anseo: https://submit.link/4Cf
Tá nasc chuig suíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag an seoladh seo a
leanas: https://www.galwaycity.ie/ga/services/pobal/deontais-dfheilte-pobail
Sonraí teagmhála má bhíonn cúnamh ag teastáil nó ceisteanna ann:
Deirdre Keaney Cunningham (Iarthar Chathair na Gaillimhe) – 087 146 5006
Natalie Coen (Lár Chathair na Gaillimhe) – 087 110 3209
Oliver Lydon (Oirthear Chathair na Gaillimhe) – 087 609 1460