Tá cead tugtha ag Comhairleoirí Chathair na Gaillimhe do Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir), tionscadal trína gcuirfear áiseanna níos sábháilte ar fáil do dhaoine a bhíonn ag siúl, a úsáideann deiseanna a bhfuil rothaí orthu, a théann ar rothar nó a úsáideann iompar poiblí feadh 1.7km den R339 idir Bóthar an Bhaile Bháin agus Seanbhóthar Bhaile an Bhriotaigh. Ag cruinniú tráthnóna Dé Céadaoin seo, cheadaigh na Comhairleoirí iarratas pleanála Cuid VIII maidir leis an scéim, a bheidh á cómhaoiniú ar bhonn 50/50 trí Chiste Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair agus trí Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach na Roinne Tithíochta.
Beidh buntáistí móra ag baint leis an tionscadal seo do cheantar Bhóthar Mhuine Mheá nuair a bheidh an obair críochnaithe:
- Feabhsófar sábháilteacht ar bhóithre trí bhearta maolaithe tráchta, trasbhealaí nua agus lánaí rothar scartha a chur ar fáil.
- Bainfidh daoine a úsáideann iompar poiblí tairbhe as stadanna bus uasghrádaithe, lena n-áirítear stadanna bus nua.
- Cuirfear tuilleadh roghanna iompair ar fáil do thurais áitiúla tríd an tionscadal, agus tacófar leis na hiarrachtaí níos leithne atá ar bun chun brú tráchta a bhainistiú trí bhonneagar sábháilte agus compordach a chur ar fáil.
- Cuirfidh an scéim seo le líonra rothaíochta na Gaillimhe, atá ag dul i méid, trína nascadh le tionscadail taistil ghníomhaigh a tugadh chun críche le déanaí ar Bhóthar an Bhaile Bháin agus ar Bhóthar Pháirc an Chaisleáin, agus as sin le scéim BusConnects ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath atá beartaithe amach anseo. Nascfar leis an bPáirc Mhór freisin é tríd an íosbhealach atá ann cheana ag Acomhal Chnoc Mhaoil Drise.
Faoi Scéim Taistil Ghníomhaigh Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir), cuirfear raon rothar scartha dhá threo ar fáil ar an taobh thuaidh den bhóthar agus beidh gnáthchosáin ar gach aon taobh den bhóthar. Beidh stráicí ar leith de na cosáin chomhroinnte don taisteal gníomhach (tuairim is 370 méadar uilig) ag teastáil mar gheall go bhfuil srianta spáis i gceist le háiteanna áirithe feadh an bhealaigh.
Ina theannta sin, déanfar acomhail taobh-bhóithre a athailíniú chun tús áite a thabhairt do choisithe agus do rothaithe, cuirfear trasbhealaí le comharthaí ag soilse tráchta ar fáil, déanfar uasghrádú ar chosáin agus ar shaoráidí bus, agus tabharfar faoi obair thírdhreachaithe freisin.
Ós rud é anois go bhfuil cead na gComhairleoirí faighte ag an tionscadal, tabharfar ar aghaidh anois é chuig an gcéim Dearaidh Mhionsonraithe. Beidh amchlár na hoibre tógála ag brath ar dhul chun cinn tionscadal eile, lena n-áirítear Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe agus scéimeanna BusConnects ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath. Oibreoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun obair na dtionscadal sin a chomhordú ionas go mbeidh a laghad cur isteach in oirthear na cathrach agus is féidir, agus ionas go gcuirfear na hacmhainní atá ar fáil san áireamh ag an am céanna lena chinntiú gur féidir na tionscadail a chur i gcrích ar bhealach éifeachtach.
Mar thoradh ar aiseolas ó na hionadaithe tofa, tá gealltanas tugtha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe do na Comhairleoirí dul i mbun plé leis an bpobal áitiúil sula gcuirfear tús leis an obair ar Bhóthar Mhuine Mheá, chun ábhar imní mhuintir na háite a fháil amach agus chun cuimhneamh ar an gcaoi a dtabharfar aghaidh orthu i raon feidhme na scéime ceadaithe. Leanfar den rannpháirtíocht le muintir na háite agus leis an bpobal i gcoitinne le linn na céime tógála freisin. Ceapfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe Oifigeach Caidrimh Tionscadail chun feidhmiú mar phointe teagmhála aonair do mhuintir na háite, do ghnólachtaí agus do na Comhairleoirí ar feadh shaolré an tionscadail.
Tá fáilte curtha ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu roimh an obair atá beartaithe. “Is ionann Scéim Bhóthar Mhuine Mheá maidir le Taisteal Gníomhach agus gné thábhachtach i líonra rothaíochta na Gaillimhe atá ag dul i méid. Nuair a thograíonn níos mó daoine siúl, deiseanna a bhfuil rothaí orthu a úsáid nó dul ar rothar, bíonn na buntáistí le brath ag gach uile dhuine, is iad sin, níos lú brú tráchta, aer níos glaine agus daonra níos folláine. Níos tábhachtaí fós, feabhsófar sábháilteacht ar bhóithre ar bhealach fiúntach leis an tionscadal feadh Bhóthar Mhuine Mheá, agus is iomaí teaghlach a úsáideann an conair seo agus a mhaireann lena hais a mbeidh timpeallacht níos sábháilte ar fáil dóibh dá bharr.
I mo Chomhairleoir dom sa Bharda Thoir, tuigtear dom go bhfuil údar imní léirithe ag cuid de mhuintir na háite faoin gcur isteach a bhíonn i gceist le tionscadail dá leithéid seo agus tuigim é sin. Ach, tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil sé beartaithe an obair a dhéanamh ag an am céanna a mbeifear ag tabhairt faoi thionscadail eile, ionas go mbeidh a laghad cur isteach i gceist agus is féidir. Tá áthas freisin orm a fháil amach gur éist an Rannóg Taistil Ghníomhaigh le haiseolas na gComhairleoirí i ndiaidh na hoibre a rinneadh ar an mBaile Bán agus i bPáirc an Chaisleáin, agus go bhfuil siad tiomanta don rannpháirtíocht fhiúntach le muintir na háite agus go bhfuil siad tiomanta Oifigeach Caidrimh Tionscadail nua a cheapadh sa Rannóg Taistil Ghníomhaigh. Trí bheith ag obair i gcomhar, beidh muid ábalta níos mó de na buntáistí a bhaineann le taisteal gníomhach a thapú agus cúnamh a thabhairt Gaillimh a fhorbairt a bhealach inbhuanaithe.”
Chuir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, é féin fáilte roimh chinneadh na gComhairleoirí an tionscadal seo a cheadú. “Tá áthas orm go bhfuil a dtacaíocht tugtha ag na Comhaltaí Tofa don tionscadal seo, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo as an tacaíocht sin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Rialtas freisin as maoiniú a chur ar fáil don tionscadal seo tríd an Údarás Náisiúnta Iompair agus tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach. Gné ríthábhachtach a bheidh sa tionscadal seo i líonra taistil ghníomhaigh na Gaillimhe. I dteannta le hinfheistíochtaí iompair eile atá beartaithe, lena n-áirítear Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe an N6 agus BusConnects, cuirfidh sé tuilleadh roghanna taistil ar fáil do dhaoine agus tacóidh sé leis na hiarrachtaí chun dul i ngleic le brú tráchta i gcathair na Gaillimhe. Ina theannta sin, i dtráth a bhfuil an Straitéis maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre curtha chun cinn againn, arb é is aidhm di líon na ndaoine a mharaítear ar na bóithre a laghdú faoina leath, fáiltím roimh an obair seo ó thaobh na sábháilteachta ar bhóithre de agus táim ag súil leis an tionscadal seo a fheiceáil curtha i gcrích sna blianta atá romhainn.”
Críoch
Nótaí - Ar an obair a dhéanfar mar chuid den tionscadal seo beidh:
- Raon rothar dhá threo, 3 mhéadar ar leithead den chuid is mó, a chúngóidh in áiteanna ina bhfuil srianta spáis.
- Laghdú ar leithead na gcarrbhealaí bóithre (lánaí 3.2m ar leithead de ghnáth).
- Athailíniú acomhail agus tabhairt isteach trasbhealaí ardaithe ar na taobh-bhóithre go léir chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí coisithe agus rothaithe.
- Lánaí rothaíochta/cosáin trasnaithe díreach tríd ar acomhal ar thaobh-bhóithre chun tús áite a thabhairt do ghluaiseachtaí rothaithe.
- Saoráidí stad bus uasghrádaithe.
- Trasbhealaí nua le comharthaí do choisithe agus rothaithe.
- Pointí trasnaithe comhroinnte agus coisithe ag áiteanna éagsúla.
- Obair thírdhreachta feadh an bhealaigh.
==
Ós rud é nach bhfuiltear cinnte faoi sceideal na hoibre, níl costas measta an tionscadail ar fáil ag an tráth seo.
==
Léiríonn tuarascáil Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2025 Limistéar Cathrach na Gaillimhe, atá bunaithe ar shuirbhé neamhspleách atá ionadaíoch ó thaobh déimeagrafach de agus a rinneadh ar bhreis is 1,100 cónaitheoir, go bhfuil buntáistí móra ag baint leis an rothaíocht do Ghaillimh cheana féin. De réir na tuarascála:
- Siúlann 67% de dhaoine fásta 5 lá nó níos mó sa tseachtain, úsáideann 55% díobh carr 5 lá nó níos mó sa tseachtain.
- Téann duine as gach cúigear (20%) duine fásta ag rothaíocht ar a laghad uair sa tseachtain.
- Tá 82% de chónaitheoirí i bhfabhar raonta rothar a thógáil atá scartha go fisiciúil ó thrácht agus ó choisithe fiú nuair a chiallaíonn sé sin go mbeadh níos lú spáis ann do thrácht eile.
- Cuireann daoine a shiúlann, a úsáideann deiseanna a bhfuil rothaí orthu nó a théann ar rothar gach uile lá mar mhodh taistil seachas mar chaitheamh aimsire, nuair a d’fhéadfaidís carr a thabhairt leo, suas le 23,000 carr den bhóthar i Limistéar Cathrach na Gaillimhe. Dá mbeadh na carranna sin ar fad i ndiaidh a chéile i dtranglam tráchta, bheadh sé 112 chiliméadar ar a fhad.
- Feabhsaíonn siúl, úsáid a bhaint as deiseanna a bhfuil rothaí orthu agus as rothar sláinte an phobail i Limistéar Cathrach na Gaillimhe, a fhágann go bhféadfaí 278 riocht tromchúiseach sláinte fadtéarmach a chosc gach uile bhliain agus €3.6 milliún a shábháil don FSS, an méid céanna a chosnódh 60,000 coinne le dochtúir teaghlaigh.
- Sábhálann daoine a roghnaíonn siúl, úsáid a bhaint as deiseanna a bhfuil rothaí orthu nó as rothar seachas tiomáint an méid céanna astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghinfí le linn 36,000 eitilt ó Aerfort na Sionainne go hAerfort Heathrow i Londain.
- Cruthaíonn daoine a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht buntáiste eacnamaíoch bliantúil do dhaoine aonair agus do Cheantar Cathrach na Gaillimhe de €171.1 milliún.
Further information on the Monivea Road (East) Active Travel Scheme is available from the project webpage.