Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go mbeidh Scéim Tithíochta Inacmhainne nua le seoladh go luath. Tabharfaidh sin deis mhór do cheannaitheoirí incháilithe atá ag iarraidh teach a cheannach i nGaillimh.
Is cuid de thiomantas leanúnach na Comhairle an tionscnamh seo chun cur leis an teacht atá ag daoine ar thithe inacmhainne ar ardchaighdeán agus tacú le daoine aonair agus le teaghlaigh ar mian leo a gcéad réadmhaoin a cheannach.
Fad is atáthar ag leanúint de na hullmhúcháin sula bhfógraítear dáta oscailte na n-iarratas go foirmeálta, moltar do cheannaitheoirí atá ag faire ar theach inacmhainne, eolas a chur ar an bpróiseas trí fhéachaint ar leathanach eolais na Comhairle maidir le Tithíocht Inacmhainne.
Céard is féidir le hiarratasóirí a dhéanamh anois
Iarrtar ar dhaoine den phobal atá ag smaoineamh iarratas a dhéanamh ar theach inacmhainne féachaint ar:
https://www.galwaycity.ie/services/housing/affordable-housing
Is féidir le ceannaitheoirí treoir céim ar chéim a fháil anseo faoin gcaoi le Teach Inacmhainne a cheannach, lena n-áirítear eolas faoi d’incháilitheacht, na doiciméid a bheidh ag teastáil, agus an chaoi a oibríonn an próiseas iarratais.
Foilseofar eolas iomlán na scéime nua sna seachtainí amach romhainn, lena n-áirítear eolas faoi na tithe, an struchtúr praghsála, na critéir incháilitheachta, agus príomhdhátaí iarratais.
Molann Comhairle Cathrach na Gaillimhe do cheannaitheoirí a bhfuil suim acu sa scéim seo an suíomh gréasáin a sheiceáil go rialta agus cainéil meán sóisialta na Comhairle a leanúint don eolas is déanaí agus fógraí foirmeálta de réir mar a bheidh siad á ndéanamh.