Fógra Poiblí i gComhréir leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994 (Alt 38(3)(b)) arna leasú
OIBREACHA BUSCONNECTS I LÁITHREACHA ÉAGSÚLA AR FUD CHATHAIR NA GAILLIMHE
Faoi Alt 38 (1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú, féadfaidh Údarás Bóithre, ar mhaithe le sábháilteacht agus áisiúlacht úsáideoirí bóithre, cibé bearta moillithe tráchta a mheastar a bheith inmhianaithe a chur ar fáil i ndáil leis na bóithre poiblí atá faoina gcúram. Áirítear leis sin bearta a fheabhsaíonn soláthar na seirbhísí bus poiblí.
Comhaontaíodh na tograí d’athdhearadh ar an líonra bus i nGaillimh mar chuid de Chlár Athdheartha Líonra Bus na Gaillimhe. Is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) a rinne an t-athdhearadh i gcomhpháirtíocht le Comhairlí Cathrach agus Chontae na Gaillimhe chun comhtháthú iomlán le beartais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a chinntiú. Reáchtáladh beart comhairliúcháin poiblí ar Athdhearadh an Líonra in 2023.
Mar chuid den líonra bus nua a chur ar fáil i nGaillimh, tá sé beartaithe go ndéanfar oibreacha uasghrádaithe ar stadanna bus atá ann cheana, agus go ndéanfar stadanna bus nua a thógáil. Tá sé beartaithe go mbeidh bearta chun sábháilteacht agus áisiúlacht coisithe a fheabhsú san áireamh sna hoibreacha a dtabharfar fúthu trí stadanna bus, pointí trasnaithe agus línte marcála a chur ar fáil.
I gcomhar leis an NTA, tá bearta beartaithe faoi Alt 38 sna láithreacha seo a leanas:
An Barda Thoir |
||
| Uimhir Thagartha an Stad Bus |
Ainm an Stad |
Alt 38 - Cur Síos ar na hOibreacha |
| 012 | Baile an Bhriotaigh ó Dheas | Lána rothaíochta a ghiorrú, athailíniú ar an lána atá ann cheana agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 023/024 | Páirc Mhiondíola Calbro ó Thuaidh/ó Dheas | Oileán tráchta lárnach a chur ar fáil ar Bhóthar Thuama agus na marcanna bóthair a ghabhann leis chun na lánaí atá ann cheana a athailíniú. |
An Barda Thiar |
||
| Uimhir Thagartha an Stad Bus |
Ainm an Stad |
Alt 38 - Cur Síos ar na hOibreacha |
| Bóthar Bhearna/Bóthar na Ceapaí Soir |
Síneadh a chur leis an gcosán isteach sa gcarrbhealach agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. | |
| 048/049 | Cuan na Coille ó Thuaidh/ó Dheas | Oileán tráchta lárnach a chur ar fáil ar Bhóthar an Easpaig Uí Dhónaill chomh maith leis na marcanna bóthair a ghabhann leis chun na lánaí atá ann cheana a athailíniú. |
| 085/ 086 | Lios Carraig ó Thuaidh/ Lios Carraig ó Dheas |
Oileán tráchta lárnach a chur ar fáil ar Bhóthar na Mine chomh maith leis na marcanna bóthair a ghabhann leis chun na lánaí atá ann cheana a |
| 104 | Cartúr Mór (Bóthar an Chlaí Bháin) | Síneadh a chur leis an gcosán isteach sa gcarrbhealach agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 130 | Slí na Craoibhe ó Thuaidh (Bóthar an Chlaí Bháin) | Síneadh a chur leis an gcosán isteach sa gcarrbhealach agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 163 | Dún na Carraige Siar | Oileán tráchta lárnach a chur ar fáil ar Bhóthar na Trá Uachtarach. Síneadh a chur leis an gcosán chuig imeall an charrbhealaigh agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 169 | Atlantaquaria Soir | Athailíniú an cholbha agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. Línte buí dúbailte a chur ar fáil. |
An Barda Láir |
||
| Uimhir Thagartha an Stad Bus |
Ainm an Stad |
Alt 38 - Cur Síos ar na hOibreacha |
| 043 | Baile na Coiribe ó Thuaidh | Síneadh a chur leis an gcosán Trasrian coisithe rialaithe a chur ar fáil le rabhcháin Belisha agus oileán tráchta lárnach agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 057/079 | Carrchlós Bhóthar na Díge ó Thuaidh/Lidl Bhóthar Áth Cinn ó Dheas | Oileán tráchta lárnach a chur ar fáil ar Bhóthar Áth Cinn agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 182 | Páirceanna an Taoibh Thiar | Athailíniú an lána bus agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 186 | Teach Altranais San Proinsias | Síneadh a chur leis an gcosán isteach sa gcarrbhealach agus na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
| 187 | Arda an Daingin (N59) | Oileán tráchta lárnach a chur ar fáil ar an N59 agus na hathruithe ar na marcanna bóthair a ghabhann leis. |
Tá léarscáil ina bhfuil na suíomhanna seo go léir ar fáil trí chliceáil ar an nasc seo.
Tá léaráidí de na hoibreacha atá beartaithe ar fáil ar líne ar https://consult.galwaycity.ie/ agus is féidir iad a iniúchadh ar feadh tréimhse aon mhí amháin ar ó dháta an fhógra ó Dé hAoine an 3 Iúil go dtí Dé Máirt an 4 Lúnasa 2026 (gach lá seachas an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí) ó 9a.m. go 4p.m. ag: Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.
Is féidir tuairimí nó aighneachtaí maidir leis na hoibreacha atá beartaithe a luaitear thuas a dhéanamh i scríbhinn chuig an bhFoireann Taistil Ghníomhaigh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimhe, H91 X4K8 nó go leictreonach ar https://consult.galwaycity.ie/ nó ar ríomhphost chuig ActiveTravel@GalwayCity.ie.
Is é Dé Máirt an 4 Lúnasa 2026 ag an 4p.m. an dáta deiridh a ghlacfar leis na haighneachtaí sin.
Sínithe ag:
Derek Pender,
Stiúrthóir Seirbhísí,
An Stiúrthóireacht um Fhorbairt Tionscadal ,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe.