Dé hAoine an 20 Eanáir 2026, tionóladh cruinniú den toscaireacht tras-chomhairle, le hionadaithe tofa agus Oifigigh Gaeilge as Cathair na Gaillimhe, Dún na nGall, Contae na Gaillimhe, Sligeach, Maigh Eo agus An Clár.
Pléadh deiseanna agus féidearthachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn i dtaobh seirbhísí agus feasacht i gcomhairlí Gaeltachta agus iar-Ghaeltachta.
Tháinig ionadaithe ó Chathair is Contae na Gaillimhe, Dún na nGall, Sligeach, Maigh Eo agus an Clár le chéile chun taithí a roinnt agus chun gníomhartha a phlé chun príomhghnéithe d'Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur chun cinn, lena n-áirítear an ceanglas go mbeadh 20% d'fhoireann na n-údarás áitiúil inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.
B’é an comhairleoir tofa as Dún na nGall Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig a thug faoi ról an chathaoirligh ar an lá. Ag an an gcruinniú tras-chontae, chuir comhaltaí as Contaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Sligeach, Dún na nGall, An Clár agus cathair na Gaillimhe aiseolas ar fáil ar an staid forbartha ina raibh cúrsaí Gaeilge ina n—údarás féin agus bhí plé ar bhealaí a bhféadfadh an comhoibriú réigiúnach agus go deimhin náisiúnta cur le húsáid agus feiceálacht na Gaeilge sa rialtas áitiúil. Pléadh cúrsaí a bhain le pleanáil áitiúil chomh maith.
I measc na gcomhairleoirí áitiúil a labhair, bhí an Comhairleoir Frank Fahy (Cathair na Gaillimhe), Na Comhairleoirí Tomás Ó Curraoin, Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire, Michael Leainde (Contae na Gaillimhe) agus Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig (Dún na nGall).
Tá súil go mbeidh an grúpa ag obair as lámha a chéile feasta ag díriú a n-aird ar úsáid na Gaeilge sa gComhairle agus earcaíocht ar mhaithe le bheith in ann seirbhíse d’ard-chaighdeán a chur ar fáil sna teangacha oifigiúla.
Chruinnigh an comhoibriú traschomhairle seo tar éis gnáthchruinniú d’Fhochoiste Polasaí Straitéiseach Corparáidí don Ghaeilge de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe níos luaithe sa lá. Tháinig an meitheal seo le chéile den chéad uair i mí na Nollag 2024.
I mí Márta 2025, d'óstáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe cruinniú Gaeilge/Béarla – an chéad chruinniú dá leithéid i stair na Comhairle – cruinniú a d’eascair as Fochoiste na Gaeilge.
Ghlac an toscaireacht traschomhairle páirt freisin i seoladh tionscnamh nua Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun úsáid laethúil na Gaeilge a spreagadh ar fud na heagraíochta - an láinéir ‘Tá Gaeilge agam’ do bhaill foirne agus do Chomhaltaí Tofa ar chuile leibhéal líofachta, atá toilteanach páirt a ghlacadh i gcomhrá trí Ghaeilge.
Íomhá: Sa bpictiúr tá toscaireacht ó shé údarás áitiúil (Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Dún na nGall, Sligeach, Maigh Eo agus an Clár) a tháinig le chéile i gCathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite (Dé hAoine 30 Eanáir) chun deiseanna a phlé chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur chun cinn agus a chur ar fáil. (Ó chlé go deas) Caroline Ní Fhlatharta, Ollscoil na Gaillimhe; John Prendergast, Conradh na Gaeilge; An Clr Eibhlín Seoigthe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; An Comhairleoir Eddie Hoare, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Máirtín Ó Donnchadha, Comhairle Chontae na Gaillimhe; Tomás Ó hÓgáin, An Bruach Thoir; An Clr Mary Hoade, Leaschathaoirleach Comhairle Chontae na Gaillimhe; Aoife Ní Dhubhlaoich, Comhairle Contae Mhaigh Eo; Ailish Rohan, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Clíona Ní Ghallachóir, Comhairle Contae Dhún na nGall; Marcus Ó Conaire, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Edel Mhic Amhlaidh, Comhairle Contae Shligigh; An Comhairleoir Frank Fahy, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Jim Molloy, Comhairle Contae Shligigh; Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge; Róise Nic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall; Paddy Doherty, Comhairle Contae Dhún na nGall; An Comhairleoir Martin Scanlon, Comhairle Contae Dhún na nGall; Saoirse Higgins, Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Íomhá: Aengus McMahon