Spás Paráide Suaimhneach Nua do Pharáid na Féile Pádraig

Two Children at Parade

Cuirfear Spás Paráide Suaimhneach Nua ar fáil do Pharáid na Féile Pádraig na bliana seo i nGaillimh, atá leagtha amach sa gcaoi is go mbeidh ionad amhairc suaimhneach fáilteach ar fáil do dhaoine aonair a bhfuil riachtanais chéadfacha acu nó do dhuine ar bith eile a bhaineadh leas as timpeallacht níos ciúine. Cuimseoidh an spás tiomanta seo seomra breise ina mbeifear in ann bogadh thart go compordach, le rochtain in aice láimhe ar leithris, agus spreagfar an lucht féachana cosaint cluas a úsáid nó aon tacaíochtaí eile a chuideoidh leo taitneamh a bhaint as an bparáid ar bhealach a oireann dóibh. 

Is éard a bhí le rá ag Adam Harris, POF AsIAm, faoin seoladh: “Tá ríméad ar AsIAm tacú le Paráid Lá Fhéile Pádraig na Gaillimhe trí spás suaimhneach a chruthú a thabharfaidh an seans céanna do leanaí, daoine fásta agus teaghlaigh Uathacha sult a bhaint as an gceiliúradh i gcroílár Chathair na Gaillimhe. Tacóidh ár spás suaimhneach leis na daoine a bheidh á úsáid ceiliúradh níos intuartha, níos compordaí agus atá saor ó bhreithiúnas a dhéanamh mar gur féidir leis an timpeallacht chéadfach, na pleananna agus an slua mór cur isteach ar go leor daoine inár bpobal a bheadh ag iarraidh an paráid a fheiceáil ar an lá mór seo. Tá ríméad mór orainn a bheith ag comhoibriú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe freisin mar gur osclaíodh Mol Tacaíochtaí Pobail in Eastát Tionscail an Leasa Bháin le gairid ina gcuirtear tacaíochtaí saor in aisce ar fáil bunaithe ar choinní nó ar ghrúpaí do dhaoine Uathacha ar feadh a saoil. Táimid ag súil le caidreamh a chothú le teaghlaigh an cheantair leis an mol seo agus an lá náisiúnta á cheiliúradh againn.”

Gabhann foireann na féile buíochas ó chroí le Bunscoil na Trócaire as a gcabhair leis an tionscnamh seo, agus le ASIAM, Carthanas Uathachais na hÉireann agus leis an Fhoireann Rochtana i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, a raibh a saineolas lárnach i bhforbairt an tionscnaimh.

Dúirt Louise Osborne, Oifigeach Féilte agus Ócáidí, Comhairle Cathrach na Gailimhe agus í ag labhairt faoin seoladh:
“Teastaíonn uainn go gcuirfear fáilte roimh an uile dhuine sa phobal ag an bparáid agus is forbairt iontach agus forbairt a bhí teastáil go géar don fhéile atá i gceist leis an bhforbairt seo.  Táimid buíoch do Adam Harris agus don fhoireann in ASIAM as cúnamh a thabhairt dúinn tús a chur leis an obair ar an spás seo, agus tá súil againn gur struchtúr buan a bheidh ann ag Paráid na Féile Pádraig amach anseo.”

Tá teorainn leis an méid áiteanna atá ar fáil sa Spás Paráide Suaimhneach, agus iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil sé i gceist acu freastal ar an bparáid clárú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig Events@GalwayCity.ie

Related news