Straitéis Chomhtháite Uirbeach an Limistéir Thiar Seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Staff behind the window of the Galway Arts Centre posing for photo holding the strategy leaflets

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe ceiliúradh ar sheoladh Straitéis Chomhtháite Uirbeach an Limistéir Thiar (IUS) ag imeacht THRIVE in Ionad Ealaíon na Gaillimhe agus in Áras na nGael, Sráid Dhoiminic, Dé hAoine an 3 Iúil.

Bhailigh eagraíochtaí pobail, gnólachtaí áitiúla, comhaltaí tofa, soláthróirí seirbhísí agus cónaitheoirí le chéile ag an imeacht chun fís chomhroinnte do Limistéar Thiar na Gaillimhe amach anseo a cheiliúradh, limistéar a bhfuil aithne air mar gheall ar a spiorad pobail, a ghnólachtaí neamhspleácha agus a oidhreacht shainiúil chultúir agus thógtha.

Le tacaíocht ó Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair (NRWA) faoin gclár THRIVE, cuirtear creat ar fáil leis an straitéis d’athnuachan inbhuanaithe chomharsanachtaí Shráid Dhoiminic agus an Limistéir Thiar. Leagtar amach ann sraith gníomhartha, lena n-áirítear príomhspásanna agus príomhshráideanna poiblí a fheabhsú, tacaíocht don taisteal gníomhach agus naisc níos fearr idir an Limistéar Thiar agus lár na cathrach, tacaíocht spriocdhírithe do ghnólachtaí áitiúla agus ionaid chultúir, agus tionscadail chomhoibritheacha chun an oidhreacht áitiúil a chosaint agus a fheabhsú.

Chuir imeacht THRIVE réimse tionscnamh ar taispeáint freisin, tionscnaimh chun folláine pobail, ionchuimsiú sóisialta, cúrsaí ealaíon agus cultúir, agus forbairt eacnamaíochta áitiúil a chur chun cinn, ag cur béim ar thábhacht na comhpháirtíochta idir pobail, gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí chun lár na cathrach bríomhar agus athléimneach a mhúnlú.

Gabhann Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas le gach duine a chuir leis an bhforbairt agus le seoladh Stráitéis Chomhtháite Uirbeach an Limistéir Thiar agus tá muid ag súil le hoibriú le comhpháirtithe chun na gníomhartha seo a chur i bhfeidhm sna blianta atá romhainn. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Straitéis Chomhtháite Uirbeach an Limistéir Thiar, téigh chuig suíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar https://www.galwaycity.ie/services/planning/west-area-of-galway-city-centre-integrated-urban-strategy