Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun scéim nua tarscaoilte rátaí a thabhairt isteach a dhíreoidh ar réadmhaoine tráchtála atá folamh le fada ar fud Chathair na Gaillimhe.
Tarscaoilfear 100% de na rátaí sa gcéad bhliain faoin Scéim Réadmhaoine Foilmhe atá beartaithe do ghnólachtaí incháilithe atá ag oscailt in áitribh atá folamh le breis agus bliain. Tiocfaidh laghdú 50% ar an tarscaoileadh rátaí sa dara bliain agus 25% sa tríú bliain, sula gcuirfear na rátaí iomlána i bhfeidhm sa gceathrú bliain.
Cheadaigh na Comhaltaí Tofa an togra ag cruinniú iomlánach de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an 12 Deireadh Fómhair 2026.
Tá sé i gceist leis an scéim gnólachtaí a spreagadh úsáid thairbheach a bhaint arís as réadmhaoine folmha, tacú le gnólachtaí nua agus le gnólachtaí atá ag leathnú, agus cur le gníomhaíocht i lár na cathrach agus i gcomharsanachtaí ar fud Chathair na Gaillimhe.
Díreofar leis an scéim ar ghnólachtaí a chuireann go dearfach leis an bhfuinneamh agus leis an raon seirbhísí atá ar fáil sa gcathair agus i bpobail áitiúla. I measc na ngnólachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá siopaí éadaí agus bróg, siopaí leabhar, tionscail chruthaitheacha agus gnólachtaí geilleagair chiorclaigh. Ní bheidh cineálacha áirithe gnólachtaí, siopaí galtoitíní agus siopaí teileafóin ina measc, incháilithe faoin scéim atá beartaithe.
Tá an rún mar chuid d'iarracht níos leithne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dul i ngleic le folúntas tráchtála fadtéarmach, níos mó daoine a spreagadh cuairt a thabhairt ar an gcathair agus tacú le héagsúlacht agus hinbhuanaitheacht fhadtéarmach phobal gnó Chathair na Gaillimhe.
Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; “Cuireann muid fáilte mhór roimh thacaíocht na gComhaltaí Tofa do bheart a chuirfidh beocht nua i réadmhaoine tráchtála folmha ar fud Chathair na Gaillimhe. Is éard atá i gceist leis an scéim seo an meascán ceart de ghnólachtaí a spreagadh, cuir leis an ngníomhaíocht sa gcathair agus le líon na ndaoine a thugann cuairt uirthi agus tacú le sráideanna agus le pobail ionas go mbeidh ag éirí go maith leo ar fud na cathrach.”
Is éard a dúirt Helen Kilroy, Stiúrthóir Airgeadais; “Tá tiomantas agus infheistíocht mhór ag teastáil chun gnó a oscailt i réadmhaoin atá folamh le breis agus bliain. Cuirfidh an tarscaoileadh seo tacaíocht fhiúntach ar fáil do ghnólachtaí incháilithe le linn na luathbhlianta ríthábhachtacha, agus ag an am céanna cuideoidh sé le Comhairle Cathrach na Gaillimhe aghaidh a thabhairt ar fholúntas tráchtála ar bhealach atá freagrach ó thaobh airgeadais de.”
Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe dul chun cinn anois ar na téarmaí mionsonraithe agus ar na riachtanais incháilitheachta don Scéim Réadmhaoine Foilmhe. Tá an scéim fós faoi réir ghlacadh na bhforálacha maoinithe ábhartha trí phróiseas Bhuiséad 2027 na Comhairle.
I measc na dtograí do Bhuiséad 2027 tá leathnú ar an Scéim chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú do ghnólachtaí neamhspleácha miondíola agus fáilteachais. Tacaítear leis an scéim tabhairt faoi bhearta lena n-áirítear obair dheisiúcháin, péinteáil, comharthaíocht dhátheangach, feabhsuithe inrochtaineachta, fáil réidh le stuif, oibreacha ar struchtúir atá faoi chosaint agus comhoibriú le healaíontóirí áitiúla.
Cuirfear sonraí iomlána na Scéime Réadmhaoine Foilmhe, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus an chaoi le hiarratas a dhéanamh, in iúl go díreach do ghnólachtaí Chathair na Gaillimhe sa mbliain nua. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rátaí tráchtála téigh chuig www.GalwayCity.ie/Services/Business-and-Economy/Business-and-Economy-Services/Commercial-Rates.