Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí maidir le soláthar ceamaraí TCI i spásanna poiblí i gCathair na Gaillimhe.
Tá do thuairimí uainn maidir le TCI a chur i bhfeidhm chun Caitheamh Bruscair agus Dumpáil Mhídhleathach a chosc sna háiteanna seo a leanas:
• Fána Glas, An Baile Bán, Gaillimh
• Sliabh Bán, An Baile Bán, Gaillimh
Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ceamaraí TCI a shuiteáil agus a oibriú d’aon chuspóir amháin, is é sin Caitheamh Bruscair agus Dumpáil Mhídhleathach a chosc agus an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997, agus an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, arna leasú, a chur i bhfeidhm. Cloífidh an tionscnamh seo leis na Cóid Chleachtais maidir le TCI a Oibriú chun Cionta Bruscair agus Dramhaíola a Chosc, a Bhrath agus a Ionchúiseamh.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an scéim bheartaithe a dhéanamh i scríbhinn chuig an Rannóg Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.
Más fearr leat, féadfaidh tú aighneachtaí nó tuairimí a sheoladh ar ríomhphost chuig Environment@GalwayCity.ie tráth nach déanaí ná Déardaoin an 9 Iúil.