Tionscadal Bhóithrín na Saoirse Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar ghearrliosta le haghaidh Dhá Ghradam Foirgníochta agus Dearaidh na hÉireann

Houses

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil Bóithrín na Saoirse, Scéim nua Grúpthithíochta ar Leith don Lucht Siúil na cathrach ar an gCuarbhóthar, ar an ngearrliosta in dhá chatagóir do Ghradaim Foirgníochta agus Dearaidh na hÉireann 2026:

  • Tionscadal Tithíochta Cónaithe na Bliana
  • Miontionscadal na Bliana

Tógadh Bóithrín na Saoirse in ionad láithreán stad a bhí ann ó 1988 agus tá cúig theach bhuana, nua‑aimseartha ann atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá deartha do theaghlaigh den Lucht Siúil go sonrach. Dearadh iad i ndlúthchomhar leis na teaghlaigh a bheadh ina gcónaí iontu agus le CENA, an Comhlacht Ceadaithe Tithíochta atá faoi threoir an Lucht Siúil. Léiríonn an tionscadal an ghluaiseacht i dtreo chóiríocht don Lucht Siúil atá sonrach agus dírithe ar an bpobal, a thagann leis an dea-chleachtas náisiúnta maidir le tithíocht a chur ar fáil san earnáil phoiblí. 

Déanann Gradaim Foirgníochta agus Dearaidh na hÉireann ceiliúradh ar an gcuid is fearr den ailtireacht, innealtóireacht, tógáil, dearadh, nuálaíocht agus Timpeallacht Tógtha na hÉireann amach anseo. Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Foirgníochta agus Dearaidh na hÉireann 2026 Dé hAoine an 13 Márta in Óstán an InterContinental i mBaile Átha Cliath.

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, fáilte roimh an ngearrliosta, “Is as an gceantar áitiúil seo mé féin agus tá an-bhród orm Bóithrín na Smaointe go háirithe a fheiceáil ar an ngearrliosta le haghaidh dhá Ghradam Foirgníochta agus Dearaidh. Tugtar aitheantas tábhachtach dá bhfuil i gceist ag an scéim seo a bhaint amach trí bheith ar an ngearrliosta, is é sin tithe ar ardchaighdeán a chur ar fáil don lucht siúil go háirithe a thabharfaidh bunús do theaghlaigh a bheith faoi bhláth. Is ardú croí atá ann go bhfuil tionscadal atá bunaithe inár bpobal féin ag fáil aitheantas náisiúnta, agus cuireann sé le luach na tithíochta ionchuimsitheacha faoi stiúir an phobail chun todhchaí na Gaillimhe a mhúnlú.  

Chuir Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, fáilte roimh an bhfógra freisin, ag rá, “Is é seo an chéad fhorbairt dá leithéid i gCathair na Gaillimhe, agus léiríonn an t-aitheantas náisiúnta atá faighte aige an tairbhe a bhaineann le bheith ag comhoibriú le teaghlaigh agus leis an Lucht Siúil. Léiríonn Bóithrín na Saoirse samhail fhiúntach don todhchaí - samhail ina dtugtar meas d’fhéiniúlacht, do chultúr agus don phobal agus tithe inbhuanaitheacha ar ardchaighdeán á gcur ar fáil.

Is iad deSiún Architects a bhí i mbun deartha agus is iad an Pat Loftus Construction Group a bhí i mbun tógála agus tá sé d’aidhm ag an tionscadal an chaoi ar féidir tithe sonracha don Lucht Siúil a chomhtháthú i dtimpeallacht uirbeach a léiriú agus ceangal leis an bpobal a neartú. Féachtar leis an dearadh tionchar dearfach a imirt ar an gcomharsanacht níos leithne tríd an suíomh a oscailt amach ar an spás glas poiblí atá in aice láimhe agus na bacainní fisiciúla a bhí ann cheana a bhaint, rud a léiríonn uaillmhian chun infheictheacht, ionchuimsitheacht agus mórtas áite a chur chun cinn. Tá na tithe leagtha amach i leathchiorcal timpeall ar spás comhroinnte glas, agus tá sé i gceist leis an leagan amach sin comhtháthú a spreagadh idir na cónaitheoirí trí inspioráid a fháil ó leagan amach traidisiúnta an Lucht Siúil ar an spás. 

Tá sé d’aidhm ag an scéim freisin caighdeán ard a bhaint amach san inbhuanaitheacht, san inrochtaineacht, agus sa mbainistíocht eastáit fhadtéarmach, le prionsabail deartha uilíocha curtha i bhfeidhm síos tríd. Tá sé i gceist leis an bpróiseas forbartha comhoibríoch go dtacófar le sástacht fhadtéarmach, buaine, agus torthaí níos fearr maidir le caighdeán na beatha do na teaghlaigh atá ina gcónaí ann. Tá súil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus CENA go mbeidh an tionscadal ina bhonn eolais do chuir chuige amach anseo maidir le cóiríocht do dhaoine den Lucht Siúil go háirithe agus go gcuirfidh sé leis an bplé náisiúnta ar thithíocht ionchuimsitheach phoiblí a chur ar fáil.

Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Alan Cheevers, agus an tUasal Éamon Ó Cuív, iar-Theachta Dála i nGaillimh Thiar agus iar-Leas-Chathaoirleach ar Chomhchoiste an Oireachtais maidir leis na Príomhcheisteanna a théann i bhfeidhm ar an Lucht Siúil a d'oscail Bóithrín na Saoirse go hoifigiúil i mí na Samhna 2025.

Related news