D’fhoilsigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tuarascáil an Fhóraim Seachadta Tithíochta inniu, a reáchtáladh i nGaillimh an 12 Samhain 2025.
Is é Genesis a d’éascaigh an Fóram, agus tugadh ionadaithe sinsearacha ó údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí Stáit, fóntais, comhlachtaí ceadaithe tithíochta, forbróirí, institiúidí airgeadais agus eagraíochtaí pobail le chéile chun gníomhartha phraiticiúla chomhoibríocha a aithint a chuirfidh borradh faoi sheachadadh tithíochta ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe.
De réir na tuarascála, tá acmhainneacht mhór i nGaillimh chun cur le soláthar tithíochta, agus tá an talamh faighte agus tá uaillmhian beartais agus tiomantas eagraíochtaí i bhfeidhm cheana. Mar sin féin, is é conclúid na tuarascála go bhfuil srian á chur ar sheachadadh tithíochta ag córas seachadta ilroinnte, go háirithe maidir le gníomhachtú talún, soláthar bonneagair, comhordú pleanála agus rialachas.
Is éard a bhí le rá ag Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, faoi fhoilsiú na tuarascála:
“Is léir ón tuarascáil seo nach mbaineann dúshlán tithíochta na Gaillimhe le heaspa uaillmhéine ná le heaspa deiseanna ach leis an ngá atá le córas seachadta níos comhordaithe agus níos comhtháite. Ba léir le linn an Fhóraim Seachadta Tithíochta go bhfuil tiomantas láidir sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha oibriú ar bhealach difriúil, agus cuireann na moltaí treochlár praiticiúil ar fáil chun seachadadh a chur i bhfeidhm ag an luas agus an scála a theastaíonn ónár bpobail.”
Is éard a dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe:
“Is é an ghné is suntasaí faoin tuarascáil seo an leibhéal ailínithe i measc na bpáirtithe leasmhara ar fad. Tá tuiscint chomhroinnte ann go bhfuil comhoibriú, luathsheachadadh bonneagair agus rialachas aontaithe riachtanach má táimid chun tithe a dhéanamh as an acmhainneacht mhór atá i nGaillimh. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe lántiomanta d’oibriú lenár gcomhghleacaithe agus lenár gcomhpháirtithe seachadta chun na gníomhartha seo a chur chun cinn.
I measc na bpríomh-mholtaí sa tuarascáil tá forbairt máistirpleananna comhroinnte comhtháite do phríomhréimsí fáis na Gaillimhe; Oifig Tithíochta Cathrach agus Contae na Gaillimhe a bhunú chun rialachas agus comhordú aontaithe a chur ar fáil. Cuirtear béim sa tuarascáil freisin ar an tábhacht a bhaineann le maoiniú intuartha ilbhliantúil, uirlisí pleanála digiteacha agus rannpháirtíocht pobail luath agus infheicthe mar chumasóirí seachadta bunriachtanacha.
Tagann moltaí an Fhóraim go mór le Plean Gníomhaithe an Rialtais, is é sin Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú 2025-2030 2025-2030, agus leagtar treochlár soiléir amach iontu chun bogadh ó phróisis ilroinnte go cur chuige comhordaithe uile‑chórais chun tabhairt faoi sheachadadh tithíochta i nGaillimh.
Tá an tuarascáil iomlán, Fóram Seachadta Tithíochta - Gaillimh, ar fáil ar líne anois ag an nasc seo: Tuarascáil Fóram Seachadta Tithíochta.