Cuid 8 Iarratas Pleanála
Meitheamh 2025
Cuireadh isteach ar Iarratas ar Chead Pleanála Chuid 8 i ndáil leis an scéim seo.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag súil le do thacaíocht, do chuid ceisteanna agus do chuid aiseolais mar chuid den phróiseas seo.
Is féidir leat aighneachtaí a dhéanamh ón 9 Meitheamh, 2025. Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí ná 22 Iúil, 2025.
Abair leat
Tairseach Comhairliúcháin Ar Líne
Logáil isteach ar an leathanach gréasáin seo. Tá tuilleadh eolas ar fáil ón leathanach greáasáin seo, nó trí an Eolas Breise
Seol ar an bpost chuig:
An Rannóg Pleanála,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh
Seol ríomhphost chuig:
Nuair a dhúnfar an tréimhse chomhairliúcháin, déanfar breithniú ar gach aighneacht agus cuirfear i dtuarascáil iad a chuirfear faoi bhráid Chomhairleoirí Chathair na Gaillimhe. Tar éis breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil seo, cinnfidh na Comhairleoirí an gcuirfear an scéim i gcrích mar atá molta, nó féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh an scéim bheartaithe a athrú, a mhodhnú nó gan dul ar aghaidh léi.