Droichead an Dóchais

Osclaíodh Droichead an Dóchais don phobal roimh an sceideal i mBealtaine 2023. Is é an chéad droichead nua a théann trasna na Coiribe le breis agus 30 bliain.

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

Background

Osclaíodh Droichead an Dóchais, ar a dtugtaí Droichead Chora na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe ag an am, don phobal roimh an sceideal i mBealtaine 2023. Is é an chéad droichead nua a théann trasna na Coiribe le breis agus 30 bliain. 

Tá spás poiblí nua cruthaithe aige freisin do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon le tabhairt faoin bhfiadhúlra, an oidhreacht nádúrtha agus thógtha thart timpeall orthu agus iad ag trasnú na dtrí chúrsa uisce thíos - Abhainn na Coiribe, Abhainn Dhrioglann Peresse agus Abhainn na mBráthar.

Droichead an Dóchais shortlisted for International bridge award

Tá cruth bradáin ar an droichead nua le haghaidh oidhreacht na hiascaireachta sa cheantar a léiriú. Tá sé thart ar 85 méadar ar fad, agus trasnaíonn sé trí shruthchúrsa, gan ach 24 méadar laisteas ó Dhroichead reatha na mBradán. Is éadrom agus láidir é an droichead nua, le huchtbhallaí trédhearcacha, a thabharfaidh radhairc gan bhriseadh ar Ardeaglais na Gaillimhe, ar Chlochar na Trócaire, ar Dhroichead na mBradán agus ar an uisce laistíos.

Tugann na rampaí ar gach taobh de lánrochtain do dhaoine faoi mhíchumas gluaiseachta ar an droichead. Pábháileadh na raonta isteach ón iarthar agus ón oirthear le aolchloch lasrach Chill Chainnigh, a bhfuil ardfhriotaíocht sciorrtha aici, agus atá ar aon dul le Straitéis an Fhearainn Phoiblí Comhairle Cathrach na Gaillimhe.  Tagann na bealaí ó bhruach na canála ar an taobh thoir isteach go maorga, le fána réidh acu ar an obair galánta chloiche ag teacht le ballaí na canála a caomhnaíodh go cúramach agus go dian. Aolchloch ghearrtha atá in uchtbhallaí an taobh thiar a léiríonn patrún aolchloiche ar an Ardeaglais laistiar de agus ar an gClochar lastoir de.

Tá oscailt ciorclach gloinithe, a cuireadh isteach sa dhá réise isteach, le feiceáil ar an uisce thíos.

Aithníodh an gá atá le trasrian nua coisithe agus rothaíochta ar Abhainn na Coiribe i Straitéis Iompair na Gaillimhe.  Bhí na comhairleoirí Arup i gceannas ar phróiseas measúnaithe agus iarratais pleanála roghanna an tionscadail seo, agus ceapadh Sean Harrington mar phríomhailtire.   Bhí AtkinsRéalis i gceannas ar na céimeanna mionsonraithe deartha agus tógála, agus ceapadh Jons Civil Engineering mar phríomhchonraitheoir.  Rinne Thompson as Ceatharlach struchtúr cruach an droichid, a iompraíodh go Gaillimh agus a tógadh i bhfeidhm i mí na Nollag 2022.  Osclaíodh an droichead, ar a dtugtaí Droichead Chora na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe ag an am, don phobal roimh an sceideal i mBealtaine 2023.

Fuair an fhorbairt seo maoiniú ón Roinn Iompair trí Chlár Taistil Ghníomhaigh an Údaráis Náisiúnta Iompair (NTA) agus trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), arna chómhaoiniú ag Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár tíre agus an Iarthair, arna riar ag Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.

A view of people walking and sitting at Droichead an Dóchais