Ealaíona agus Cultúr

Seirbhís Ealaíon na Cathrach á bainistiú ag Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe. Siad a chuimsíonn Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe ná an t-Oifigeach Ealaíon, an t-Oifigeach Forbairt na hEalaíne agus Riarthóirí na hOifige Ealaíon. Oibríonn Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe i gcomhar leis na rannóga agus na ranna éagsúla laistigh den chomhairle ar nós na Turasóireachta, an Phobail agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe chun deiseanna ealaíon a fhorbairt agus a neartú i measc na bpobal, na gcomharsanachtaí agus na gceantar ar fud na cathrach.

Ealaíona agus Cultúr Services

Amharclanna

Tá dhá ionad taibhithe, atá á mbainistiú agus á rith faoi scáth Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe – Amharclann na Cathrach atá i gCearnóg Theach na Cúirte i mBarr an Chalaidh agus an Dubhlann atá suite gar dó ar Bhóthar na Díge.

Ealaín Phoiblí

Coimisiúnaíodh Alan Clarke, ealaíontóir a bhfuil duaiseanna bainte amach aige, chun dealbh nua den scoth a fhorbairt do Chathair na Gaillimhe. Beidh ‘Gailbhe’ ina léiriú iontach físiúil de Ghailleamh nó Galvia, a bhí ina banphrionsa miotaseolaíochta ag na Fir Bolg, a deirtear go bhfuil Gaillimh ainmnithe ina diaidh.

Éire Ildánach

Is clár cultúr-bhunaithe é Éire Ildánach atá leagtha amach chun folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn.

Músaem Cathrach na Gaillimhe

Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe suite gar don Phóirse Caoch ar bhruacha Abhainn na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe.

Bunaíodh Músaem Cathrach na Gaillimhe i lár na 1970idí agus bhí sé lonnaithe ar dtús báire i dTeach an Chomartúnaigh gar don Phóirse Caoch.

I mí Aibreáin 2007 osclaíodh músaem nua saintógtha, taobh thiar de láthair an tseanmhúsaeim i dTeach an Chomartúnaigh. Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús le tionscadal nua Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar mhaithe le saol cultúrtha agus oidhreachta Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn.

Bailíonn, caomhnaíonn agus taispeánann Músaem Cathrach na Gaillimhe ábhar a bhaineann le stair Chathair na Gaillimhe; Seandálaíocht, Ealaín, Geolaíocht, Stair Nádúrtha, Stair Shóisialta, Pholaitiúil agus Thionsclaíoch agus Daonearraí.

Oíche Chultúir

Liostú agus Ciste Imeachtaí Oíche Chultúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Beidh an fichiú eagrán déag den Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine 19ú Meán Fómhair 2025. Is í an Chomhairle Ealaíon a thabharfaidh an Oíche Chultúir chugat; is tráth náisiúnta é, a cheiliúrann cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona agus féachann sé leis an gcreidiúint go bhfuil an cultúr saibhir éagsúil seo beo, luachmhar agus cothaithe i saol na ndaoine, inniu agus gach lá a chur chun cinn. Déantar é a sheachadadh ar fud na tíre i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte agus in áiteanna tuaithe chomh maith le ar líne agus trínár gcomhpháirtithe meáin.

Oifig Ealaíon

Déanann an Oifig Ealaíon infheistíocht an airgid phoiblí san ealaín a bhainistiú agus a chomhordú thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag maoiniú raon leathan gníomhaíochtaí ar fud na cathrach – amharclannaíocht, amharcealaín, léamha, rince, ceol, scannán, ealaíona sráide, sorcas, seónna srl.

Deontais Ealaíon

Deiseanna Ealaíona 2025

Faigh deiseanna deontais, scéimeanna maoinithe, agus dámhachtainí cónaitheachta anseo de réir mar a théann siad beo i rith na bliana.