Beidh Oíche Chultúir bliain is fiche ar an bhfód ar an Aoine 18 Meán Fómhair 2026. Is í an Chomhairle Ealaíon atá i mbun Oíche Chultúir agus bíonn sé á bhainistiú agus á chur ar fáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.; ócáid náisiúnta atá ann, nuair dhéantar ceiliúradh ar an gcultúr, ar an gcruthaitheacht agus ar na healaíona agus gach iarracht déanta a chur in iúl go bhfuil beocht agus tábhacht ag baint leis an gcultúr saibhir éagsúil seo, agus go bhfuil sé á chothú i saol na ndaoine inniu agus gach uile lá.
Tá sé mar aidhm ag Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí i Lár, in Oirthear agus in Iarthar na Cathrach.
Beidh fáilte roimh imeachtaí a dhéanann ceiliúradh ar chultúr agus ar fhéiniúlacht shaibhir na Gaillimhe. Chomh maith leis sin, de bhrí go mbeidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn ó mhí Iúil 2026, ba bhreá linn iarratais a fháil ina leagfaí béim ar ról na hÉireann san Aontas Eorpach..Tá sé mar aidhm againn freisin tacú le himeachtaí a thugann spreagadh don éagsúlacht agus a chuidíonn léi, chomh maith le himeachtaí a fhéachann chuige go mbeidh ócáidí a eagraítear deireanach san oíche mar chuid de chultúr agus de gheilleagar an tráthnóna i gCathair na Gaillimhe. Tuilleadh eolais agus iarratais anseo
-
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais ná: 4in ar an 4 Meitheamh 2026.
-
Caithfear na himeachtaí a chur ar bun i gCathair na Gaillimhe ar an Aoine, 18 Meán Fómhair 2026, agus is gá go mbeidís saor in aisce.
Má tá cúnamh uait le d’fhoirm iarratais a líonadh agus a chur isteach, déan teagmháil le culturenight@galwaycity.ie
Bailiúchán íomhánna ó 2024:
Féach físeáin ó 2024 agus 2023 thíos: