Tionscadail Iarfheistithe

Leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe de bheith ag cur spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus laghdaithe carbóin 2030 chun cinn mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide (PGÚÁA), mar chuid den aistriú chuig an bhfuinneamh inbhuanaithe amach anseo.

Ionaid Pobail Chúl Trá

Tógadh Cúl Trá in 1996 agus cuirtear ionad caitheamh aimsire ar fáil ann do pháistí óga an phobail áitiúil. Cuireadh bearta sábhála fuinnimh i bhfeidhm san fhoirgneamh roimh na hoibreacha seo, lena n-áirítear uasghrádú soilsithe LED agus taiscthéitheoirí níos éifeachtúla a chur in áit na dtaiscthéitheoirí neamhéifeachtúla. Ba é 4,685kWh sa bhliain úsáid fuinnimh an fhoirgnimh roimh na hoibreacha. Bhí sábháil fuinnimh 66% san fhoirgneamh nuair a cuireadh na hoibreacha i gcrích.

Tharla na hoibreacha seo a leanas:

 

Cur síos ar na hoibreacha 

Fuinneamh a sábháladh (kWh) 

tCo2e a sábháladh i dtreo sprioc 2030 

Costas Sábháilte / Bliain 

Insliú áiléir 200mm: 0.4 - 0.13W/m2K U-luach 

525 

0.16 

€ 210 

Uasghrádú ar dhoras seachtrach amháin: 3 - 1.2W/m2K U-luach 

134 

0.04 

€ 54 

Uasghrádú ar shé fhuinneog: 3.1 - 0.7W/m2K U-luach 

856 

0.26 

€ 342 

Radaitheoir leictreach 6kW amháin a shuiteáil 

1,569 

0.15 

€ 581 

Iomlán 

3,084 

0.61 

€ 1,187 

 

 

Roimh na hoibreacha

Cul Tra Pre Works

Tar éis na n-oibreacha

pc1

Na hOibreacha

cu1
cw3