Tionscadail Iarfheistithe

Leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe de bheith ag cur spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus laghdaithe carbóin 2030 chun cinn mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide (PGÚÁA), mar chuid den aistriú chuig an bhfuinneamh inbhuanaithe amach anseo.

Ionaid Pobail Melody Court

Is eastát údaráis áitiúil é Melody Court do dhaoine atá ar scor le hionad pobail beag a chuireann áit ar fáil inar féidir leis na háitritheoirí bualadh le chéile. 6,654kWh úsáid bhliantúil an fhoirgnimh roimh na hoibreacha. Tháinig laghdú 40% ar úsáid fuinnimh bhliantúil an fhoirgnimh trí thabhairt faoi na hoibreacha seo. Bhí na hoibreacha uasghrádaithe fuinnimh agus an tsábháil fuinnimh comhdhéanta de: 

 

Cur síos ar na hoibreacha 

Fuinneamh a sábháladh (kWh) 

tCo2e a sábháladh i dtreo sprioc 2030 

Costas Sábháilte / Bliain 

Trí radaitheoir chliste 1.5kW agus radaitheoir cliste 550W amháin a chur in áit na dtaiscthéitheoirí a bhí ann cheana 

     1,683  

0.51 

 € 673  

Uasghrádú ar dhá dhoras: 3 - 1.2W/m2K U-luach 

         221  

0.07 

 € 88  

Uasghrádú ar chúig fhuinneog: 3.1 - 0.7W/m2K U-luach 

         766  

0.23 

 €307  

Iomlán 

     2,670  

0.80 

 €1,068  

 

 
Post Works
Pre works
Post works

An príomhdhoras uasghrádaithe go 1.2 W/m2k U-Luach, séalaithe go haerdhíonach

Pre Works

Fuinneoga suiteáilte, gialla gearrtha siar, oibreacha aerdhíonachta déanta

Post Works

Oibreacha sa bpríomhsheomra críochnaithe gan péinteáil san áireamh

Post Works

Fuinneoga uasghrádaithe go U-Luach 0.7 W/ m2k

Pre Works

Téitheoirí stórála neamhéifeachtúla bainte amach

Post Works

Radaitheoirí Cliste1.5 kW & 550 kW suiteáilte