Gairdíní Uisce Báistí an Chorráin
Cúlra an Tionscadail
Tá gairdíní uisce báistí comhtháthaithe in Uasghrádú Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara - i gCathair na Gaillimhe ina phríomhghné chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú uisce stoirme. Dearadh an chéad Chóras Draenála Uirbí Inbhuanaithe de chuid na cathrach chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú, an fearann poiblí a fheabhsú agus an brú ar chóras uisce stoirme na cathrach a laghdú, agus ag an am céanna tacú le sráideanna níos sábháilte agus níos inrochtana do choisithe agus do rothaithe.
Feidhmiú
Tar éis phróiseas pleanála rathúil Chuid 8 agus tacaíocht ó chomhairleoirí áitiúla, mar aon le dhá thuarascáil scagtha a ullmhú, cuireadh tús leis an tionscadal i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus cuireadh na gairdíní uisce báistí i bhfeidhm go luath chun na plandaí a bhunú go héasca. Le linn cuairteanna ar an láthair le déanaí, deimhníodh bunú na ngairdíní uisce báistí mar aon lena gcomhtháthú i mbearta maolaithe tráchta.

Céim Thógála na nGairdíní Uisce Báistí ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara

Gairdíní Uisce Báistí bunaithe ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara

Gairdíní Uisce Báistí bunaithe ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara
Torthaí agus Tairbhí
Oibríonn gairdíní uisce báistí trí rith chun srutha dromchla ó bhóithre máguaird agus ó cheantair eile a thascradh agus a scagadh. Déantar uisce a atreorú ón ngnáthchóras sa phróiseas sin, rud a laghdaíonn an brú ar an mbonneagar atá ann cheana, go háirithe le linn tréimhsí báistí troma. Sna ceapacha plandáilte déantar ábhar cáithníneach agus truailleáin amhail olaí, dríodar agus micreaphlaistigh a ghaisteáil freisin, rud a fheabhsaíonn cáilíocht an uisce a théann isteach in uiscebhealaí nádúrtha agus a thacaíonn le héiceachórais níos sláintiúla.
Chomh maith lena bhfeidhm chomhshaoil, cuireann na gairdíní le fuarú uirbeach trí imghalú, soláthraítear gnáthóga do phailneoirí agus don fhiadhúlra, agus feabhsaítear tarraingteacht amhairc an acomhail. Léirítear trína gcomhtháthú san fhearann poiblí mar is féidir le bonneagar glas tairbhí iomadúla a chur ar fáil i suíomh uirbeach dlúth.
Gairdíní Uisce Báistí i nDrochaimsir
Tharla Rabhadh Aimsire Buí i gCathair na Gaillimhe an 18 Aibreán 2025, agus chonacthas an gairdín uisce báistí ag tascradh uisce ón mbóthar. Chonacthas an t-uisce ag socrú ar an dromchla tar éis na báistí fada, ag léiriú a fheidhme agus ag léiriú an tionchair a bhíonn aige ar thuilte áitiúla le linn na drochaimsire.

Uisce báistí á thascradh ag na Gairdíní Uisce Báistí ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara
Conclúid
Léiríonn gairdíní uisce báistí an Chorráin/Bhóthar na Mara mar is féidir le réitigh dhúlrabhunaithe dul i ngleic le dúshláin uirbeacha agus spásanna poiblí a fheabhsú ag an am céanna. Trí uisce stoirme a bhainistiú, cáilíocht an uisce a fheabhsú, agus tacú leis an mbithéagsúlacht, cuirtear samhail inscálaithe ar fáil do thionscadail amach anseo. Leagtar fasach amach sa tionscnamh seo maidir le córais draenála inbhuanaithe a leabú san obair laethúil, agus pobail níos glaise agus níos athléimní a fhorbairt ar fud na Gaillimhe agus níos faide i gcéin.

Grianghraf a tógadh le deireanaí ag seoladh acomhal uasghrádaithe an Chorráin agus Bóthar na Mara chomh maith le gairdín uisce báistí