Ciníochas a Thuairisciú

iReport

IMá tá ciníochas á fhulaingt agat nó má thug tú eachtra ciníochais faoi deara, tá liosta de na hionaid tuairiscithe ag Líonra na hÉireann i gCoinne an Chiníochais ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ag Ionad Tuairiscithe iReport | INAR

Is féidir leat eachtra a chlárú freisin le iReport, chun cuidiú le monatóireacht a dhéanamh ar chiníochas in Éirinn ag iReport Líonra na hÉireann i gcoinne an Chiníochais

Más coir fhuatha atá i gceist, de ghnáth, coir fhoréigneach atá spreagtha ag claontacht, nuair a dhíríonn déantóir na coire ar íospartach mar gheall go meastar an duine sin a bheith ina chomhalta de ghrúpa sóisialta ar leith, is féidir leat é a thuairisciú go díreach don Gharda Síochána ag do Stáisiún Gardaí áitiúil nó ar líne ag Coir Fhuatha a Thuairisciú ar Líne - an Garda Síochána

Má tá baol láithreach do bheatha/do mhaoin nó má tá an choir ar siúl. Cuir glaoch, má mhothaíonn tú faoi bhagairt ar bhealach ar bith nó má tá tú i gcontúirt, ar 999 nó 112.