Ciníochas a Thuairisciú

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

Duine ar bith a ndearnadh Gáinneáil orthu

Tá céimeanna suntasacha á nglacadh in Éirinn chun dul i ngleic le gáinneáil ar dhaoine agus chun freagairt do riachtanais na n-íospartach, ag baile agus thar lear. 

Is ionann an tionscnamh maidir le Duine ar bith a ndearnadh Gáinneáil orthu agus tionscnamh Rialtais chun cur le feasacht ar na comharthaí a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le gáinneáil ar dhaoine. Tá díol, trádáil agus dúshaothrú daoine ar mhaithe le brabús i gceist le gáinneáil ar dhaoine. D'fhéadfadh sé sin a bheith chun críocha dúshaothrú gnéis, dúshaothrú saothair, gníomhaíocht choiriúil, iarraidh na déirce go héigeantach agus pósadh éigeantach agus d'fhéadfadh sé gur daoine fásta nó leanaí a bheadh sna híospartaigh. 

Le tuilleadh eolais a fháil, féach, le do thoil, gáinneáil ar dhaoine agus an chaoi leis na Comharthaí a Aithint, féach ar Duine ar bith a ndearnadh Gáinneáil orthu - na Comharthaí Aithint

Más íospartach tú a bhí faoi réir ag gáinneáil, nó má tá amhras ort faoi dhuine éigin eile a d'fhéadfadh a bheith faoi réir ag gáinneáil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána (Gardaí na hÉireann), atá ar fáil le cúnamh a thabhairt. Faigh Cúnamh - Tuairiscigh Údar Imní

Is féidir leat údar imní a thuairisciú trí; 

  • Ghlaoch a chur ar Líne Teileafóin Rúnda an Gharda Síochána: 1800 666 111
  • Ríomhphost: blueblindfold@garda.ie
  • I gcás éigeandála, cuir glaoch, le do thoil, ar 999 / 112 

Is féidir leat féachaint ar shuíomh gréasáin an Blue Blindfold chun tuilleadh eolais a fháil: blueblindfold.gov.ie