Cad a Tharlaíonn ina dhiaidh seo

Déanfaidh an t-údarás áitiúil gach aighneacht scríofa a mheas. Ansin, déanfaidh sé cinneadh agus eiseoidh sé freagairt scríofa ar aighneachtaí úinéirí talún. Sula bhfoilseofar an léarscáil deiridh gach bliain, déanfaidh sé príomhbhearta, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

Dréacht-léarscáil Bhliantúil 2026

 

  • Foilseofar aighneachtaí a fhaightear maidir leis an dréacht-léarscáil ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil faoin 11 Aibreán 2025 (tabhair faoi deara: baintear sonraí pearsanta, i.e. ainm, seoladh aighnitheora agus sonraí teagmhála an aighnitheora amach, ach foilsítear suíomh tailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta). 

  • Sa chás go n-iarrann úinéir talún a t(h)alamh a eisiamh ón dréacht-léarscáil bhliantúil ar an mbonn nach gcomhlíonann sí na critéir maidir le bheith ag teacht faoin raon feidhme, nó go gceistíonn sé/sí an dáta ónar chomhlíon talamh ar an léarscáil na critéir sin, ní mór don údarás áitiúil a chinneadh a chur in iúl don úinéir tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2025. 

  • Ní mór don úinéir talún achomharc ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneacht úinéir talún ar an dréacht-léarscáil bhliantúil a thaisceadh leis an mBord Pleanála faoin 1 Lúnasa 2025. 

     

Sa chás ina n-iarrtar láithreán a chur leis an dréacht-léarscáil agus go measann an t-údarás áitiúil go sásaíonn an láithreán sin na critéir ábhartha, sainaithneofar é ar an gcéad dréacht-léarscáil bhliantúil eile, a fhoilseoidh an t-údarás áitiúil ar an 1 Feabhra dár gcionn.

An féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil? 

Tá go dtí an 1 Lúnasa 2025 ag úinéir talún achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí. Féadfar achomhairc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála i leith láithreán a eisiamh ón dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2026 ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith sa raon feidhme, nó ar an mbonn go gceistítear an dáta ónar chomhlíon an talamh ar an léarscáil na critéir sin. Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ina leagtar amach forais an achomhairc. Níl aon fhorálacha ann do thríú páirtí achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh an údaráis áitiúil talamh a choinneáil nó a bhaint de dhréacht-léarscáil bhliantúil.