Iarraidh ar athchriosú a dhéanamh ar léarscáil deiridh don bhliain 2025 (foilsithe ar an 31 Eanáir)
Rinneadh foráil bhreise san Acht Airgeadais 2024, a éascaigh babhta eile d’iarrataí ar athchriosú chun talamh a eisiamh ó dhliteanas i leith na cánach. Ní féidir iarrataí ar athchriosú a dhéanamh ach amháin ar thalamh a shainaithnítear ar an léarscáil deiridh bhliantúil don bhliain 2025, arna foilsiú an 31 Eanáir 2025. Ní dhéanfar breithniú ar iarrataí ar athchriosú do thalamh eile.
Déanann an t-údarás áitiúil aighneachtaí ina n-iarrtar athrú ar chriosú a bhreithniú. Ní mór an iarraidh ar athchriosú a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ábhartha idir an 1 Feabhra agus an 1 Aibreán 2025.
-
Eiseofar litir admhála um iarraidh ar athchriosú ina mbeidh mionsonraí faoi stair phleanála na talún le déanaí ón údarás áitiúil chuig an úinéir talún faoin 30 Aibreán.
-
Cuirfidh an t-údarás áitiúil a chinneadh in iúl i scríbhinn don úinéir talún faoin 30 Meitheamh 2025 cé acu a chuirfear athrú beartaithe ar an bplean reachtúil úsáide talún chun cinn.
-
Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála in aghaidh cinntí ar iarrataí ar athchriosú.
Is féidir an litir admhála um iarraidh ar athchriosú a úsáid chun tacú le héileamh ar dhíolúine ón gcáin don bhliain 2025. Ní mór an t-éileamh sin a dhéanamh i dtuairisceán bliantúil 2025, nach mór a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar an 23 Bealtaine 2025 nó roimhe sin.
Cliceáil anseo le do thoil chun léarscáil deiridh 2025 arna foilsiú ar an 31 Eanáir a fheiceáil.
Iarrataí Úinéirí Talún ar Athchriosú
Má tá iarratas ar athchriosú á dhéanamh agat maidir le do thalamh féin nó thar ceann úinéir talún, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:
- Ní mór d’ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh san aighneacht.
- Ní mór léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis ina dtaispeántar an réadmhaoin ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (ceantair thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a shainaithint a bheith in éineacht le haighneachtaí. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.
- Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir aighneacht ina n-iarrtar athrú ar chriosú a dhéanamh ach amháin maidir le talamh atá ar an léarscáil deiridh don bhliain 2025 cheana féin, arna foilsiú ar an 31 Eanáir 2025.
- Sa chás go n-iarrtar athrú ar chriosú úsáide talún, ní mór go bhfaighfear an aighneacht ar an 1 Aibreán nó roimhe sin.
- Ba cheart don úinéir talún a leagan amach cén fáth a bhfuil an t-athrú criosaithe chun leas phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe an cheantair, chomh maith le haon chúinsí eile, amhail an fonn atá air/uirthi leanúint ar aghaidh le gníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach, ar mian leis/léi aird an údaráis áitiúil a tharraingt uirthi. Ba cheart aon fhaisnéis chun tacú leis na héilimh maidir le húsáid eacnamaíoch leanúnach a chur isteach mar chuid den iarraidh ar athchriosú.