Cad is Oidhreacht ann agus cén fáth a bhfuil tábhacht léi?
I dtéarmaí ginearálta, is í an oidhreacht an rud a fuaireamar le hoidhreacht ón am atá thart, a d’fhanfadh gan teagmháil, ach is mó i bhfad í. Is nasc é lenár stair a chabhraíonn linn ár dtraidisiúin a thuiscint agus conas a d’athraigh muid mar shochaí. Déanann oidhreacht an bunbhrí a thugann le chéile sinn mar phobal.
Áirítear le hoidhreacht séadchomharthaí, réada seandálaíochta, ailtireacht, flóra, fána, tírdhreacha, muirdhreacha, geolaíocht, gnáthóga fiadhúlra, páirceanna agus gairdíní oidhreachta, uiscebhealaí intíre, agus éabhlóid teanga.
Cuid den oidhreacht is ea athchóiriú, uasghrádú agus cothabháil leanúnach ar réada oidhreachta agus ar limistéir seandálaíochta.
Is éard atá san oidhreacht chultúrtha ná oidhreacht sócmhainní inláimhsithe (foirgnimh, séadchomharthaí, tírdhreacha, ábhar cartlainne, leabhair, saothair ealaíne, agus déantáin) agus sócmhainní oidhreachta doláimhsithe (béaloideas, traidisiúin, teanga agus eolas) grúpa nó sochaí a fuarthas le hoidhreacht ó na glúnta atá thart.
Tugtar caomhnú ar an ngníomh a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha a choinneáil ón am i láthair don todhchaí, rud a chuireann músaeim chultúrtha agus stairiúla agus ionaid chultúrtha chun cinn.
Jim Higgins, Oifigeach Oidhreachta, Coimhairle Chathair na Gaillimhe
Tagraíonn oidhreacht ailtireachta d’fhoirgnimh nó do struchtúir a bhfuil tábhacht stairiúil nó cultúrtha ag baint leo, ar cuid ríthábhachtach d’oidhreacht na tíre iad agus a dteastaíonn caomhnú uathu.
Áirítear le hoidhreacht seandálaíochta struchtúir, tógálacha, grúpaí foirgneamh, láithreáin fhorbartha, réada inaistrithe, séadchomharthaí de chineálacha eile chomh maith lena gcomhthéacs, bíodh siad suite ar thalamh nó faoi uisce.
Tá saibhreas ollmhór láithreán seandálaíochta, raic agus réad seandálaíochta i bhfarraigí, lochanna agus aibhneacha na hÉireann. Léiríonn an bhileog thíos conas is féidir linn go léir ár bpáirt a ghlacadh chun ár n-oidhreacht shaibhir seandálaíochta faoi uisce a chaomhnú agus a chosaint.
Áirítear le hoidhreacht nádúrtha tírdhreacha atá suntasach ó thaobh cultúir, bithéagsúlacht (flóra & fána), agus geo-éagsúlacht (ábhair mhianracha, gheomoirfeolaíocha & phalaonteolaíocha).
Mar thoradh ar an Acht Oidhreachta, 1995 a rith, bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta.
Is comhlacht poiblí í an Chomhairle Oidhreachta a bhfuil sé mar mhisean aici tuiscint leathan a fhorbairt ar an gcion ríthábhachtach a chuireann ár n-oidhreacht lenár leas sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi reachtaíocht na hÉireann maidir le hOidhreacht, féach le do thoil ar an Acht Oidhreachta, 1995
Foilseacháin Úsáideacha:
An Bille um Oidhreacht Stairiúil agus Seandálaíochta 2023 gov.ie - An Bille um Oidhreacht Stairiúil agus Seandálaíochta 2023 (www.gov.ie)
Céard é ‘Taifead na Struchtúr faoi Chosaint’?
Leagann Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023 straitéis amach chun oidhreacht ailtireachta agus thógtha na cathrach a chosaint agus a fheabhsú. Cuimsíonn sé seo ainmniú struchtúr mar struchtúir faoi chosaint agus a gcuimsiú ar Thaifead na Struchtúr Faoi Chosaint (RPS).
Is é feidhm an RPS taifead a dhéanamh ar shonraí na struchtúr ar fad faoi chosaint atá sa chathair agus iad a chaomhnú.
Sainmhínítear struchtúr faoi chosaint mar struchtúr ar díol spéise é dar leis an gcomhairle cathrach ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir nó eolaíochta de nó ó thaobh cúrsaí sóisialta nó teicniúla de. I measc shamplaí de na struchtúir faoi chosaint sa chathair tá siad seo a leanas: Séipéal San Nioclás, an teach solais ar Inis Caorach, an dealbh adhmaid ar Dhroichead na mBradán agus bosca poist Rí Seoirse V ag Cearnóg Theach na Cúirte.
Tá Taifead na Struchtúr faoi Chosaint ar fáil le breathnú air i Halla na Cathrach nó ar shuíomh gréasáin na Comhairle Cathrach. Tá fardal agus grianghraf seachtrach de gach struchtúr faoi chosaint ar fáil ar Chóras Fiosraithe Pleanála ar Líne na Comhairle Cathracha.
Is féidir breathnú ar na sonraí sin trí an tsaighead roghnaithe a úsáid agus ansin cliceáil faoi dhó ar dheilbhín de struchtúr faoi chosaint ar an léarscáil.
Breathnaigh ar an Taifead na Struchtúr faoi Chosaint
Breathnaigh ar an gCóras Fiosraithe Pleanála ar Líne
Céard iad na hImpleachtaí d’Úinéirí agus d’Áitritheoirí na Struchtúr faoi Chosaint?
Níl feidhm ag na gnáthdhíolúintí i leith na struchtúr faoi chosaint.
Tá aon duine a dhéanann damáiste do struchtúr faoi chosaint, gan údarás dlíthiúil, ciontach as cion.
Áit a bhfuil struchtúr faoi chosaint, cuimsíonn an chosaint taobh istigh agus taobh amuigh den struchtúr, a chúirtealáiste agus struchtúir eile laistigh den chúirtealáiste sin.
D’fhéadfadh cead pleanála a bheith ag teastáil ó oibreacha áirithe nach mbreathnaítear orthu mar fhorbairt dhíolmhaithe de ghnáth, má chuireann na hoibreacha seo isteach ar shainghné an struchtúir.
Is féidir le húinéir nó le háititheoir struchtúir faoi chosaint Dearbhú Alt 5 a lorg ón gComhairle, a thugann le fios cineál na n-oibreacha ar féidir tabhairt fúthu, gan cur isteach go hábhartha ar shainghné an struchtúir agus dá bharr, nach mbeadh cead pleanála ag teastáil.
Faoi Alt 57 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, arna leasú, féadfaidh an tÚdarás Áitiúil Dearbhú a eisiúint ina leagtar amach méid na n-oibreacha ar féidir iad a bheith díolmhaithe.
Scéimeanna Oidhreachta
Tá saibhreas oidhreachta tógtha agus seandálaíochta ag Gaillimh le beagán os cionn 4050 struchtúr cosanta. Laistigh de Chathair na Gaillimhe amháin, tá 620 struchtúr cosanta liostaithe.
Scéimeanna Oidhreachta atá ar fáil faoi láthair d’úinéirí agus caomhnóirí struchtúir chosanta agus séadchomharthaí seandálaíochta:
- An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha
- An Ciste um Struchtúir Stairiúla
- Ciste Séadchomharthaí Pobail
Is scéimeanna náisiúnta iad seo a fheidhmíonn gach Údarás Áitiúil ar an leibhéal áitiúil.
Chun breathnú ar na scéimeanna maoinithe atá ar fáil faoi láthair, tabhair cuairt le do thoil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag www.heritagecouncil.ie
https://www.heritagecouncil.ie/funding/funding-schemes
Gach bliain (deireadh mhí na Samhna go hiondúil) cuireann an Roinn Údaráis Áitiúla ar an eolas faoin scéim(s) atá ar fáil agus cuireann sí Ciorclán mionsonraithe ar fáil ina bhfuil treoirleabhair, foirmeacha iarratais agus doiciméid eile chun an scéim deontais a chur i gcrích.
Foilsítear fógra ansin sa pháipéar áitiúil, ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ar na meáin shóisialta, agus fáiltítear roimh iarratais ar dháta a shonróidh an Roinn ina gCiorclán.
Is iad seo a leanas na sonraí maidir le gach scéim:
An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha
IARRATAIS AR OSCAILT ANOIS DO 2026
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 26 Meán Fómhair 2025
Tuilleadh eolais faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha:
https://www.galwaycity.ie/news/2025/2026-built-heritage-investment-scheme-bhis-applications-now-open
Foirgnimh Stairiúla Ceann Tuí (HTB-BHIS)
IARRATAIS AR OSCAILT ANOIS DO 2026
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 26 Meán Fómhair 2025
Tuilleadh eolais faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha:
An Ciste um Struchtúir Stairiúla
FÓGRAÍTEAR IARRATAIS DO 2026 GO LUATH
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta (conservation@galwaycity.ie). Eolas faoin HSF 2025:
https://www.galwaycity.ie/news/2024/ciste-na-ndeanmhas-stairiuil-2025-glacadh-le-hiarratais-anois
Ciste Séadchomharthaí Pobail
IARRATAIS DO 2026 DÚNTA
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil leis an Oifigeach Oidhreachta (heritage@galwaycity.ie). Eolas faoin CMF 2025:
https://www.gov.ie/en/publication/05ff4-community-monuments-fund-2025-call-for-projects/
Céard is Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta ann agus céard atáim in ann a dhéanamh taobh istigh de?
Is éard is Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta (ACA) ann ná áit, ceantar, grúpa struchtúir nó bailedhreach, ina gcuirtear línte agus airde foirgníochta san áireamh, lena mbaineann tábhacht shóisialta ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta nó go teicniúil agus a chuidíonn le taitneamh a bhaint as struchtúir chosanta.
Tá sé de dhualgas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, faoin dlí pleanála, oidhreachta thógtha na cathrach a chosaint agus a fheabhsú. Áirítear mar bheart chun é sin a bhaint amach Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta a ainmniú. Go dáta tá seacht limistéar ainmnithe mar ACA i bPlean Forbartha na Cathrach 2011-2017. Léiríonn gach limistéar acu tréimhsí áirithe agus feidhmeanna áirithe i bhforbairt na cathrach.
Chun bileoga eolais a fheiceáil ar gach ACA cliceáil ar na naisc thíos:
ACA Chroí na Cathrach
ACA Shráid Dhoiminic Íochtarach
ACA an Chorráin/Bhóthar na Mara
ACA an Bhalla Fada
ACA Shráid San Nioclás
ACA Ardán Mhuire
ACA 1-6 Sráid na nDuganna
Tuilleadh eolais
Tá beartais maidir le struchtúir faoi chosaint agus ACAnna le fáil i gcaibidil 7 dePhlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2011-2017
Féadfaidh tú tuilleadh eolais maidir le struchtúir faoi chosaint agus limistéir chaomhnaithe ailtireachta a fháil freisin ó ‘Cosaint Oidhreacht Ailtireachta – Treoirlínte d'Údaráis Phleanála’, an Roinn Comhshaoil 2005, www.environ.ie nó ón gComhairle Oidhreachta, www.heritagecouncil.ie.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe in ann comhairle a thabhairt freisin ar dhea-chleachtas caomhnaithe agus ar thograí forbartha. Chun tuilleadh eolais agus comhairle a fháil téigh i dteagmháil le: An Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Teil: 091 354101 Ríomhphost: planning@galwaycity.ie
Phlean Oidhreachta Chathair na Gaillimhe 2025-2030
San áireamh le straitéisí an Phlean Oidhreachta, comhlíonfar gníomhartha faoi raon téamaí. Is iad seo a leanas téamaí ginearálta an Phlean Oidhreachta agus tá gach gníomh liostaithe curtha i ngrúpaí dá réir. Féadfaidh cuid de na gníomhartha a bheith ag baint le roinnt téamaí ach beidh siad curtha sa chuid mar is mó a meastar a imreoidh siad tionchar ar chúrsaí.
Téamaí
Is iad seo a leanas na téamaí:
Ardú Feasachta
Comhthiomsú agus Scaipeadh Faisnéise Oidhreachta
Caomhnaigh, Feabhsaigh agus Bainistigh
Rannpháirteach, Cuimsitheach, Uileghabhálach
Fóram Oidhreachta
Tá Fóram Oidhreachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe bunaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an seanphlean Oidhreachta, agus chun críche agus maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Phlean Oidhreachta 2025 – 2030.
Baill an Fhóraim 2025-2030
Cathaoirleach: Dr Jim Higgins, Oifigeach Oidhreachta, Coimhairle Chathair na Gaillimhe
Mary Clancy, Roinn Staire, ÓÉG.
Derrick Hambleton, An Taisce – Cumann na Gaillimhe
Meave Williams, Leas Oidhreachta Pobail
Paula Kearney, Oifigeach Bithéagsúlachta, Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht, Coimhairle Chathair na Gaillimhe
John Olney, Seandálaí, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta
Micheál Mac Aoidh, The Bruach Thoir Language Planning Committee
Christy Kelly, Sainleas Oidhreachta Pobail
Cllr Michael J Crowe, Cathair na Gaillimhe Thiar
Cllr Frank Fahy, Lár Chathair na Gaillimhe
Brendan Mulligan, Innealtóir Cairte
James Reynolds, Caomhnóir, Músaem Cathrach na Gaillimhe
Brendan Smith, Páirc Náisiúnta na Gaillimhe, Tuatha of Terryland Forest Park
Naisc úsáideacha
An Chomhairle Oidhreachta https://www.heritagecouncil.ie/ga/advice-and-guidance
An Taisce https://www.antaisce.org/
Bithéagsúlacht Chathair na Gaillimhe http://galwaybiodiversity.com/
Forbairt Tuaithe na Gaillimhe https://www.grd.ie/biodiversity
Caomhnú Ialtóg Éireann https://www.batconservationireland.org/
Uiscebhealaí Éireann https://www.waterwaysireland.org/
Coillte na hÉireann https://www.woodlandsofireland.com/
Tionscadal Barna Woods http://galwaybarnawoods.com/
Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann https://iwt.ie/
Cairde Éanlaith na Gaillimhe http://www.birdwatchgalway.org/
An Bruach Thoir https://www.bruachthoir.com/
An Coimisinéir Teanga https://www.coimisineir.ie/?lang=EN
Oifig Oidhreachta Chathair na Gaillimhe
Ceapann Údaráis Áitiúla Oifigigh Oidhreachta chun tacú le caomhnú na hoidhreachta a chomhtháthú ina gcuid gníomhaíochtaí agus chun an oidhreacht a fheabhsú ar leibhéal áitiúil.
Is é Jim Higgins Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Teagmháil:
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.
H91 X4K8.
Fón: 091 354101
rPhost: heritage@galwaycity.ie
An Chomhairle Oidhreachta
Bunaithe faoin Acht Oidhreachta 1995 (Heritage Act, 1995 (irishstatutebook.ie)), is comhlacht poiblí í an Chomhairle Oidhreachta a bhfuil sé mar mhisean aici tuiscint leathan a fhorbairt ar an gcion ríthábhachtach a chuireann ár n-oidhreacht lenár leas sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch.
Tá freagracht ar leith ar an gComhairle Oidhreachta suim, oideachas, eolas agus mórtas san oidhreacht náisiúnta a chur chun cinn. Ina plean straitéiseach reatha "Oidhreacht i gCroílár", tá a bunphrionsabail agus spriocanna leagtha amach ag an gComhairle Oidhreachta.
Físeáin ón 13ú Comhdháil Oidhreachta Chathair na Gaillimhe 2023
-
Dhírigh comhdháil oidhreachta na bliana seo ar Oidhreacht Shaibhir Abhainn na Gaillimhe a Thaiscéaladh - ó Chuan na Gaillimhe go Loch Coirib.
Féach le do thoil ar léirithe físe de na cainteoirí:
Dr. Cóilín Ó Drisceoil - Seandálaíocht Aibhneacha na hÉireann.
Dr. Barry O’ Reilly - Oidhreacht Dhúchasach Réigiún na Coiribe.
Dr. Jim Higgins - Trí Chaisleán na Gaillimhe a Chaomhnú.
Michael Gibbons - Réamhstair na Coiribe, Fionnachtana Nua.
Karl Brady - Fionnachtana Iontacha Faoi Uisce ó Nuashonrú na Coiribe.
Anthony Previté - Oidhreacht Eaglasta Réigiún na Coiribe.
Mary Clancy – Scéalta, Suíomhanna agus Fuaimeanna na Coiribe.
Marie Boran & Bridget Clesham - Eastáit Talún agus Tithe Móra Réigiún na Coiribe.
Colm Ó Riordan - Droichead Nua na Coiribe i nGaillimh.