Straitéis don Chomhtháthú Uirbeach i Limistéar Thiar lár - Téamaí móra

Comharsanacht bhríomhar faoi leith é an Limistéar Thiar i gCathair na Gaillimhe. Tá an-stair ag baint leis an áit, atá suite díreach ar an taobh eile de bhunbhallaí na cathrach agus scartha ag Abhainn na Gaillimhe le lár na cathrach.

WestAreaKeyThemes

Croílár tionsclaíochta a bhí ann tráth agus bhí rath agus bláth ar an áit mar ionad trádála nuair a osclaíodh an chanáil sa bliain 1852. Tá an áit faoi bhláth fós sa lá atá inniu ann agus pobal láidir gníomhach gnó ann.
Tréith faoi leith a bhaineann leis an gcuid seo den chathair ná an líonra uiscebhealaí atá ann, taobh le sraitheanna deasa tithe agus meascán bríomhar de shiopaí, tithe tábhairne, caiféanna agus bialanna. San áit seo chomh maith tá foirgnimh stairiúla shuntasacha, struchtúir agus spásanna, agus spásanna glasa foirmiúla agus neamhfhoirmiúla eatarthu. As na gnéithe seo ar fad, áit faoi leith is ea an Limistéar Thiar a bhfuil a thréithe féin ag baint leis agus tá ríméad orainn an méid seo a phlé níos mó libh.
Is mian linne éisteacht libhse. Cé na nithe sa Limistéar Thiar a bhfuil cion agaibhse orthu? Cé na dúshláin atá ann, dar libh, agus cé na feabhsuithe ar cheart tús áite a thabhairt dóibh?
Seo cuid de na téamaí móra atáimid ag iarraidh a chíoradh le chéile:
•    Oidhreacht, tréithe agus sainiúlacht
•    Athléimneacht aeráide, bithéagsúlacht agus glasú
•    Gluaiseacht agus rochtain
•    Feidhmeanna sealadacha, imeachtaí agus imeachtaí pobail
•    Treoracha agus taisteal
•    Stair, cultúr agus pobal
Seo deis le bheith mar pháirt den chomhrá agus an méid atá i ndán don cheantar faoi leith seo i gCathair na Gaillimhe a mhúnlú.