Buiséad Rannpháirteach

Buiséad Rannpháirtíochta Abair Leat €25k Lár Chathair na Gaillimhe

Cad is Buiséad Rannpháirtíochta ann: Abair leat?

Is próiseas daonlathach é Buiséadú Rannpháirtíochta lena dtugtar deis do phobail áitiúla cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a gcaitear sciar den bhuiséad poiblí.

Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe tionscadal nó tionscnamh i gcrích in 2026, a bhí molta ag an bpobal, ar chostas €25,000. Tabharfar cuireadh do phobail agus do chónaitheoirí i mBarda Lár na Cathrach tograí a chur faoi bhráid agus tabharfaidh sin deis dóibh tionscadail a mbainfidh siad féin tairbhe cheart astu a mholadh. Cuirfear na tograí sin ar ghearrliosta agus cuirfear ar vóta poiblí iad chun an togra buacach a chinneadh. 

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

D'iarr Comhairle Cathrach na Gaillimhe aighneachtaí a dhéanamh ar líne trí fhoirm iarratais a chomhlánú. Dúnadh an nasc chun iarratas a chur isteach ar an 17 Deireadh Fómhair 2025 ag 4.00 pm.

Rinne Comhairleoirí Ceantair agus foireann na Comhairle measúnú ar na tograí a cuireadh isteach bunaithe ar leas pobail agus ar fhéidearthacht. Seo thíos achoimre ar na tionscadail ar an ngearrliosta. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh don phobal anois cinneadh a dhéanamh faoin togra is mó a rachaidh chun tairbhe don phobal áitiúil. 

Seachadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal buacach go díreach in 2026 agus cuirfear an t-eolas is déanaí ar fáil don phobal maidir le dul chun cinn agus caiteachas. (Ní thabharfar an t-airgead a bheidh le leithdháileadh i bhfoirm deontais do chumann pobail/cumann cónaitheoirí, ach cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe í féin an tionscadal i gcrích). 

Tionscadal Uimhir 1 – Tionscadal Feabhsúcháin Inrochtaineachta, an Taobh Thiar Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo feabhas a chur ar rochtain agus ar shoghluaisteacht coisithe i gceantar an Taoibh Thiar. Tá an fócas ar chonairí agus ar thrasrianta níos sábháilte, níos cuimsithí a chruthú, agus a chinntiú gur féidir le cónaitheoirí a bhfuil dúshláin soghluaisteachta acu bogadh thart sa gceantar go héasca agus go neamhspleách.

Tionscadal Uimhir 2 – Suíocháin Spraíúla, Páirc Mílaoise na bPáistí agus Clós Súgartha Mary Byrne

Molann an tionscnamh seo suíocháin spraíúla, atá dírithe ar an óige a shuiteáil in dhá pháirc lárnacha phoiblí. Cuirfidh na suíocháin spás fáilteach ar fáil do leanaí chun bailiú le chéile, nascadh agus páirt a ghlacadh in idirghníomhaíochtaí sóisialta dearfacha, ag tacú le cuimsitheacht agus le spiorad pobail.

Tionscadal Uimhir 3 – Síneadh Múrmhaisithe agus Feabhsú Soilsithe, Bóithrín an Chabáiste, An Bóthar Mór 

Togra faoi stiúir an phobail chun an múrphictiúr atá ann cheana ar Bhóithrín an Chabáiste a leathnú agus soilsiú poiblí a fheabhsú. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal feabhas a chur ar chuma agus ar shábháilteacht an cheantair, cruthaitheacht áitiúil a cheiliúradh agus ag an am céanna an spás a dhéanamh níos tarraingtí do chónaitheoirí agus do chuairteoirí.

Tionscadal Uimhir 4 – Uasghrádú ar Limistéar Glas, Páirc Sliding Rock, Seantalamh 

Is é atá i gceist leis an tionscadal seo cúirt Boules na Fraince (Pétanque) a shuiteáil, chomh maith le feabhsúcháin tírdhreachaithe ar nós binsí, crann agus ceapacha bláthanna. Dearadh na huasghráduithe chun caitheamh aimsire lasmuigh a spreagadh agus spás glas beoga fáilteach a chruthú don phobal.

Ina dhiaidh sin cuirfear na tionscadail atá ar an ngearrliosta ar vóta poiblí, áit a ndéanfaidh na cónaitheoirí cinneadh faoin gcaoi a leithdháilfear an €25,000. Déanfar an vótáil ar líne ar www.galwaycity.ie ón 9am an 24 Samhain, agus fógrófar an tionscadal leis an líon is airde vótaí ina bhuaiteoir. 

Sonraí Vótála 

Osclófar vótáil ar líne ón 24 Samhain ag 9am. Is féidir leat do vóta a chaitheamh ar son an tionscadail is fearr leat tríd an nasc seo a leanas: https://submit.link/4nO 

Dúnfar an vótáil ar an 19 Nollaig ag 4pm.

Fógrófar an tionscadal leis an líon is mó vótaí i mí Eanáir agus cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcrích é in 2026. 

Má bhíonn aon cheist agat faoina bhfuil thuas déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail Natalie Coen ar natalie.coen@galwaycity.ie nó ar 087 1103209