Tá na háiseanna seo a leanas ag feidhmiú go deonach mar Ionaid Tacaíochta Pobail (CSCanna) ainmnithe. Soláthraíonn na hionaid seo freagairt ríthábhachtach agus pobalbhunaithe le linn tarluithe adhaimsire nó éigeandálaí áitiúla eile.
Ní chuirfear Ionaid Tacaíochta Pobail i bhfeidhm ach amháin i gcás móréigeandála (cosúil le drochaimsir) nuair a bhíonn baol ann go mbeidh daoine gan chumhacht ar feadh tréimhse shuntasach, ag tarraingt ar 72 uair an chloig.
Tabhair faoi deara:
Is doiciméad beo é seo agus tá sé faoi réir athraithe
D’fhéadfadh nuashonruithe a bheith ann tar éis próiseas foirmiúil Léirithe Spéise a dhéanamh
Tá foirgnimh agus áiseanna Chomhairle Cathrach na Gaillimhe san áireamh freisin
|
Ainm na háise |
Éirchód
|
Áiseanna ar fáil |
|
Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste |
H91 X4K8 |
Ceaintín/cistinéad; seomraí cruinnithe/ilfheidhme; leithris na bhfear & na mban/seomra gléasta; leithreas inrochtana; cithfholcadáin; luchtphointe d’fheithiclí leictreacha; WiFi; páirceáil |
|
Ionad Pobail Chnoc na Cathrach |
H91 R6PW |
Príomh-halla spóirt, 2 sheomra ilfheidhme, 2 sheomra bheaga cruinnithe, seomra gléasta na bhfear & na mban le cithfholcadáin; leithris na bhfear & na mban; leithreas inrochtana; cistinéad beag; WiFi; páirceáil |
|
Ionad Pobail an Taoibh Thiar |
H91 R853 |
Príomh-halla spóirt, halla cleachtaidh, seomra gléasta na bhfear & na mban le cithfholcadáin; leithris na bhfear & na mban; leithreas inrochtana; cistinéad beag; WiFi; páirceáil |
|
Ionad Pobail na Rinne Móire |
H91 W259 |
Príomh-halla spóirt, halla cleachtaidh (12m x 11m), seomra gléasta na bhfear & na mban le cithfholcadáin; leithris na bhfear & na mban; leithreas inrochtana; cistinéad beag; WiFi; páirceáil |
|
Ionad Pobail Bhaile an Phoill/an Chaisleáin Ghearr |
H91 PN50 |
Príomh-halla spóirt/ionad aclaíochta, seomraí cruinnithe/ilfheidhme, seomra gléasta na bhfear & na mban le cithfholcadáin; leithris na bhfear & na mban; leithreas inrochtana; cistinéad beag; WiFi; páirceáil |
|
Leisureland, Bóthar na Trá Uachtarach |
H91 KT3V |
Halla mór imeachtaí & seomraí stáitse; halla púil & seomraí gléasta; seomraí cruinnithe; ionad aclaíochta & seomraí gléasta; cithfholcadáin; leithris (le leithreas inrochtana); páirceáil, WiFi |
|
Áras Pobail Mhionlaigh |
H91 32C6 |
Halla spóirt; leithris na bhfear & na mban; cistinéad/ áiseanna cócaireachta; inrochtana ag cathaoireacha rothaí; teas; WiFi; seomra príobháideach; páirceáil |
|
Ionad Pobail an Bhóthair Mhóir |
H91 Y436 |
Príomh-halla spóirt; áiseanna cistine; seomra príobháideach; leithris na bhfear & na mban; cithfholcadáin; teas; WiFi; inrochtana ag cathaoireacha rothaí; páirceáil |
|
Páirceanna Imeartha an Taoibh Thiar |
H91 23A3 |
Seomraí gléasta, cithfholcadáin, leithris na bhfear & na mban, inrochtana ag cathaoireacha rothaí, seomra príobháideach, teas, páirceáil |
|
Ionad Pobail Naomh Iósaif |
H91 A4VW |
Ionad Pobail, inrochtana ag cathaoireacha rothaí, áiseanna cistine, teas, cithfholcadáin, leithris, WiFi; páirceáil |
|
1 Cearnóg Theach na Cúirte |
H91 VF21 |
Seomra pobail, inrochtana ag cathaoireacha rothaí, teas, leithris, WiFi, áiseanna déanta tae agus caife |
|
Lána na bhFrinseach, Sráid Forster |
H91 KT68 |
Seomra/Halla banna, inrochtana ag cathaoireacha rothaí, teas, áiseanna déanta tae agus caife, leithris, WiFi, seomra príobháideach, páirceáil (spás teoranta do 5/6 charr) |
|
Bothán na nGasóg, Ascaill na Rinne Móire, Gaillimh |
H91 E725 |
Inrochtana ag cathaoireacha rothaí, teas, áiseanna cistine, cithfholcadáin le bheith ar fáil ó Ráithe 2 2026, leithris, seomraí príobháideacha, páirceáil, áiseanna cócaireachta gáis ar fáil sa chás go gcailltear leictreachas. Pubaill mhóra líonmhara atá oiriúnach le haghaidh lónadóireachta, codlata, srl ar an láthair. Mionbhus ar fáil chun soláthairtí a sheachadadh ar fud na cathrach. |
|
Mol an Bhaile Bháin, 30 Béal Srutha, An Baile Bán |
H91 TW27 |
Inrochtana ag cathaoireacha rothaí, teas, áiseanna cistine, leithris, WiFi, seomraí príobháideacha, páirceáil ar fáil |
Chun tuilleadh eolais a fháil:
Déan teagmháil le d’Oifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail áitiúil:
|
Oifigeach |
Ceantar |
Fón Póca |
Ríomhphost |
|
Deirdre Keaney Cunningham |
Iarthar Chathair na Gaillimhe |
087 146 5006 |
|
|
Oliver Lydon |
Oirthear Chathair na Gaillimhe |
087 609 1460 |
|
|
Natalie Coen |
Lár Chathair na Gaillimhe |
087 110 3209 |