Oibríonn foireann na nOifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail le grúpaí pobail agus deonacha chun forbairt inbhuanaithe a chothú trí:
- Forbairt agus Pleanáil Tionscadal
- Cabhair Deontais agus Maoinithe
- Oiliúint i gcúrsaí Rialachais
- Rannpháirtíocht Ionchuimsitheach
Tá an tacaíocht ar fad a chuirtear ar fáil ag teacht leis an bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (PÁEP) 2024–2029, ina leagtar amach an treo straitéiseach d’fhás eacnamaíoch agus d’fhás na hearnála pobail i gCathair na Gaillimhe.
Bíonn Oifigigh Forbartha Uirbí agus Pobail ag comhoibriú le comhaltaí tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus tacaíonn siad le réimse leathan grúpaí, ina measc:
- Daoine fásta níos sine
- Cumainn áitritheoirí
- Grúpaí eitneacha mionlaigh
- Daoine óga
- Daoine atá faoi mhíchumas
- Pobail LADT+
- Pobail áitiúla eile
Leagtar amach sonraí maidir le dualgais a bhaineann go sonrach leis na grúpaí thíos.
Chun an tOifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail i do cheantar féin a aimsiú, féach an mapa idirghníomhach (TBC)
Sonraí Teagmhála na nOifigeach Forbartha Uirbí agus Pobail:
Deirdre Keaney Cunningham
- Barda: Iarthar Chathair na Gaillimhe
- Réimsí Fócais ar fud na Cathrach: Tionscnaimh atá Aoisbháúil, Cuimsiú Sóisialta, agus Rochtain do Chách
- Guthán Póca: 087 146 5006
- Ríomhphost: deirdre.keaneycunningham@galwaycity.ie
Oliver Lydon
- Barda: Oirthear Chathair na Gaillimhe
- Réimsí Fócais ar fud na Cathrach: Lánpháirtíocht, Pobail Nua, Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe, agus Deonachas
- Guthán Póca: 087 609 1460
- Ríomhphost: oliver.lydon@galwaycity.ie
Natalie Coen
- Barda: Lár Chathair na Gaillimhe
- Réimsí Fócais ar fud na Cathrach: Saincheisteanna óige/Tacaíochtaí do Leanaí agus do Dhaoine Óga
- Guthán Póca: 087 110 3209
- Ríomhphost: natalie.coen@galwaycity.ie