Cuntas Bainc

Cuntas Bainc a Shocrú Suas

Chun cuntas a oscailt, ní mór duit doiciméid a bheith agat lena dheimhniú:

  • cé thú féin (cruthúnas céannachta),
  • cá bhfuil tú i do chónaí (cruthúnas maidir le seoladh), agus
  • an foinse ioncaim atá agat.

Mura bhfuil ar do chumas doiciméid ar nós pas agus bille fóntais a chur ar fáil, d'fhéadfadh an banc glacadh le doiciméid eile le tú a aithint agus a fhíorú.

Cuireann gach banc an rogha ar fáil le Cuntas Reatha a shocrú suas. D'fhéadfaí táillí míosúla a ghearradh ar na cuntais seo. Cuireann roinnt bainc an rogha ar fáil freisin le cuntas bunúsach nach mbíonn aon táille i gceist leo a shocrú suas.

Cruthúnas Céannachta – Teastas Cónaithe Sealadach - Teastas Cónaithe Sealadach (TRC) Ní mór don doiciméad seo a bheith cothrom le dáta. Is cárta gorm é seo a fhaigheann tú tar éis duit iarratas a dhéanamh ag an IPO.

Cruthúnas ar do Sheoladh - Litir chur in aithne ó sholáthróir cóiríochta ceadaithe ó Ionad Soláthair Dhírigh / Fáiltiú agus Treoshuíomh Éigeandála (EROC). Ba cheart go mbeifeá in ann an cruthúnas ar do sheoladh atá faighte agat ó d’ionad a úsáid.

Cruthúnas ar d’Ioncam – Admháil maidir le híocaíocht ó oifig an phoist nó litir ó Intreo/an Roinn Coimirce Sóisialaí. D'fhéadfadh sé nach mbeadh gá leis chun cuntas a shocrú suas.

Féach, le do thoil, do chruthúnas céannachta agus seoladh eile, na naisc thíos do gach aon bhanc.
 

AIB – Bainc-Aontas Éireann - https://aib.ie/content/dam/aib/personal/docs/help-and-guidance/aib-refugee-account-opening.pdf

Banc na hÉireannhttps://personalbanking.bankofireland.com/financial-wellbeing/financial-inclusion/bank-accounts/

PTSB – Permanent TSB - https://www.ptsb.ie/help-and-support/help-with-banking/required-documents/current-accounts/