An tAchar is atá an Duine ina Iarratasóir/ina hIarratasóir Cosanta Idirnáisiúnta
· Is féidir leat rochtain a fháil ar oideachas nuair a fhaigheann tú rochtain ar fhostaíocht. Nuair a fhaigheann tú Cead Rochtana chuig an Margadh Saothair (Cead oibre)
· Ó fhaigheann tú Cead Rochtana chuig an Margadh Saothair beidh ar do chumas cúrsaí a rochtain trí Choláistí Breisoideachais
· Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin – beidh GRETB go ginearálta ag éileamh cead oibre d'fhormhór na gcúrsaí: mar sin féin, d'fhéadfaí iarratais ar chúrsaí GRETB a rinneadh gan Cead Oibre a mheas ar bhonn saincheaptha. Chun cúrsaí a chuardach, féach, le do thoil - FETCH Courses
· Cúrsaí PLC Leibhéal 5 agus Leibhéal 6, atá á gcur ar fáil ag Coláistí Breisoideachais; níl táillí teagaisc á n-iarraidh do na cúrsaí seo agus níl ach táille riaracháin á ghearradh, mar sin, is fiú a sheiceáil an bhfuil aon chúrsa ar leith i gcoláiste a mbeadh spéis agat freastal orthu - Cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) | Comhairle Dídeanaithe na hÉireann .
· Chun clárú in ollscoil do chéim baitsiléara, ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an CAO . Tá go leor eolais ar a suíomh gréasáin faoi na bealaí difriúla ar féidir leat iarratas a dhéanamh.
- Tá bunachar sonraí den scoth á thairiscint ag Qualifax chun gach cineál cúrsa atá ar fáil ar fud na hÉireann a chuardach agus cuireann FETCH bunachar sonraí atá cosúil leis ar fáil go sonrach do chúrsaí atá á gcur ar fáil i gcoláistí breisoideachais.