Iarratas faoi Alt 38 – Oibreacha Busconnects i Láithreacha Éagsúla ar fud Chathair na Gaillimhe

Tá Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag tacú leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) líonra busanna athdheartha a chur ar fáil do Cheantar Cathrach na Gaillimhe. Chun an líonra bus athdheartha seo a éascú, tabharfar faoi oibreacha feabhsúcháin in áiteanna ar fud na cathrach. Beidh cead pleanála ag teastáil le haghaidh cuid acu sin, agus tá siad seo faoi réir iarratas pleanála ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994.

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

Overview

An image of a Galway City Bus passing in front of Galway Cathedral

Tá Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag tacú leis an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) líonra busanna athdheartha a chur ar fáil do Cheantar Cathrach na Gaillimhe. 

I measc na bpríomhbhuntáistí a bhaineann leis an líonra nua bus do Ghaillimh tiocfaidh méadú thart ar 50% ar líon na seirbhísí bus i mórcheantar na Gaillimhe, lena n-áirítear níos mó bealaí bus, seirbhísí níos minice, agus sceideal feabhsaithe deireadh seachtaine.  Tá tuilleadh eolais faoin líonra nua bus atá beartaithe ar fáil ach cliceáil ar an nasc seo.

Chun an líonra bus athdheartha seo a éascú, tabharfar faoi oibreacha feabhsúcháin in áiteanna ar fud na cathrach.  Beidh cead pleanála ag teastáil le haghaidh cuid acu sin, agus tá siad seo faoi réir iarratas pleanála ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994.   Clúdaíonn an t-iarratas faoi Alt 38 oibreacha chun stadanna bus nua agus feabhsaithe a éascú ag 14 áit ar fud Chathair na Gaillimhe.  Tá léarscáil ar a dtaispeántar na háiteanna sin ar fáil anseo agus tá sonraí na n-oibreacha sin atá beartaithe ar fáil ach cliceáil ar an nasc seo.

Ba chóir a thabhairt ar aird nach ionann na hoibreacha a thiocfaidh faoi phróiseas Alt 38 agus iomlán na bhfeabhsuithe a theastaíonn le haghaidh Athdhearadh Líonra Bus Chathair na Gaillimhe.  Déanfar tuilleadh oibreacha, nach dteastaíonn cead pleanála ina leith, lena n-áirítear stadanna nua bus a chur in áiteanna éagsúla.  Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag leanúint leis an bpróiseas chun na stadanna bus atá ann cheana ar fud na cathrach a fheabhsú chun cabhrú le hiompar poiblí a dhéanamh níos inrochtana agus níos tarraingtí.

Tugtar cuireadh duit aighneacht ar na hoibreacha atá beartaithe a chur ar aghaidh roimh an spriocdháta, is é sin Dé Máirt an 4 Lúnasa.  Is féidir aighneachtaí i scríbhinn a chur faoi bhráid na Foirne Taistil Ghníomhaigh, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, trí riomephost chuig ActiveTravel@GalwayCity.ie nó go leictreonach ar https://consult.galwaycity.ie/.