
Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, agus Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, i gceannas inniú nuair a seoladh dhá bhinse cloiche nua ar an bhFaiche Mhór, in onóir C I O’Flynn agus Ronnie O’Gorman, beirt fhear a chuir cion ar leith leis an saol i gCathair na Gaillimhe.
Tugadh an bheirt fhear chun cuimhne ag searmanas ar an bhFaiche Mhór agus in Óstán an Hardiman, áit a raibh a gcuid teaghlaigh agus cairde, Comhaltaí Tofa, foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus iar-chomhghleacaithe oibre an Uasail O’Gorman sa Galway Advertiser.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Mar Chathaoirleach ar an gCoiste Cuimhneacháin agus Ainmnithe Cathartha, is mór an onóir dom athbhreithniú a dhéanamh ar na hainmniúcháin do chuimhneacháin dár gcathair, agus eolas a fháil faoi na daoine a thug a gcuid ama is a gcuid fuinnimh go flaithiúil don chathair ar fud raon réimsí. Is sampla maith é ceiliúradh an lae inniu de bheirt fhear a rinne an méid sin oibre ar mhaithe le Cathair na Gaillimhe ina mbealach sárluachmhar féin. Ar feadh a saoil, thug CI O’Flynn agus Ronnie O’Gorman a gcuid fuinnimh, cumas agus scileanna do Chathair na Gaillimhe – i réimsí éagsúla, agus mairfidh an obair sin ar feadh tamall fada. Is ceart agus is cóir go dtabharfaimid an bheirt fhear a thug an oiread sin seirbhíse don chathair chun cuimhne, i láthair atá lárnach agus a bhfuil clú agus cáil air sa gcathair, an Fhaiche Mhór”.
Ag labhairt dó faoi Ronnie O’Gorman, dúirt an Méara Cubbard, “Bhí aithne mhór ar Ronnie O’Gorman mar bhunaitheoir an nuachtáin aitheanta, an Galway Advertiser sna 1970idí, a thagann trí bhoscaí litreacha, nó a bhíonn leagtha ar bhord na cistine gach maidin Déardaoin i gCathair na Gaillimhe agus níos faide ó bhaile ná sin. Bhí meas ar leith ag an Uasal O’Gorman ar na healaíona agus eolas leathan aige ar an saol agus ar an stair san iarthar”.
Dúirt Ben O’Gorman mac le Ronnie O’Gorman, “Tá teaghlach Ronnie go mór faoi chomaoin agus thar a bheith ríméadach as an onóir seo. Bhí meas thar na bearta aige ar Ghaillimh agus tá sé soiléir go raibh an meas céanna ag Gaillimh air.”
Ag labhairt dó faoi C I O’Flynn, dúirt, Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “thug CI O’Flynn a shaol don tseirbhís phoiblí, go háirithe do mhuintir Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Is é nádúr na seirbhíse poiblí, go dtugann na daoine siúd atá ag obair san earnáil, faoina gcuid oibre ar mhaithe le difríocht stuama a dhéanamh sa tsochaí, le freastal ar a gcuid pobal agus le tacú le daonlathas ár dtíre. Ba dhuine acu sin a bhí i C I O’Flynn.”
Dúirt Niall O'Flynn mac le C I O'Flynn', “Bhí m’athair mórtasach as an tseirbhís phoiblí, Tháinig sé féin as teaghlach mór a raibh an-mhórtas acu féin as an tseirbhís phoiblí. Bhí a athair roimhe ina Bhardasach i Luimneach agus chuaigh formhór de dheartháireacha agus deirfiúracha CI le gairm sa tseirbhís phoiblí.”
Cuireadh an dá bhinse ar an bhFaiche Mhór, gar do Chomhar Creidmheasa Naomh Columba, leis an scríbhinn seo a leanas orthu:
“I gcuimhne ar C I O'Flynn, Bainisteoir Chathair agus Chontae na Gaillimhe ar feadh breis is tríocha bliain (1932 – 1965). Thug sé a shaol don tseirbhís phoiblí, go háirithe do mhuintir Chathair agus Chontae na Gaillimhe.”
Agus
“I gcuimhne ar Ronnie O’Gorman (1945-2024). “Fear dochloíte a d'fhill ar a dhúchas i nGaillimh agus a rinne a mhíle dícheall don Chathair,” An tUachtarán Michael D. Higgins.
Tugadh ómós don fhoireann in Fóillíocht agus Áineas as a gcuid oibre ar an gcuimhneachán; chuig Galway Salvage Gallery as na binsí a dhéanamh agus a ghreanadh, agus chuig an gconraitheoir pábhála Ecoflex Sursurface Ltd.