Féasta Fómhair: Dinnéar Iontach chun Oíche Shamhna a cheiliúradh in Eaglais San Nioclás

Chef JP McMahon with Mexican Community in Galway

Mar chuid de Gaillimh Ah-Boo! – Ceiliúradh na Gaillimhe ar Shamhain

Tabharfar bunús ársa Ceilteach na Samhna chun cuimhne i gCathair na Gaillimhe feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin leis an gclár Gaillimh Ah-Boo! i mí Dheireadh Fómhair, ceiliúradh bríomhar ar fud na cathrach ar an mbia, béaloideas agus féastaíocht.

Mar chuid den chlár seo, déanfar Féasta Fómhair (Harvest Feast) a óstáil in Eaglais stairiúil San Nioclás - scoth den bhia á chur ar fáil ag an gcócaire mór le rá, JP McMahon, ar feadh aon oíche amháin, chun traidisiúin na Samhna a cheiliúradh leis an mbia. Tá an dinnéar iontach seo spreagtha ag torthaí séasúracha, oidhreacht áitiúil agus scéalaíocht, agus tabharfar le chéile roinnt de na cócairí is fearr i nGaillimh agus roinnt táirgeoirí ó Bhlas na Gaillimhe le haghaidh bhuaicphointe cultúir agus cócaireachta na féile.

An tEispéireas
Bainfidh na haíonna taitneamh as:

  • Atmaisféar teolaí faoi sholas coinnle agus maisiúcháin shéasúracha in Eaglais mheánaoiseach San Nioclás
  • Deoch fáilte saor in aisce ar an mbealach isteach ag 6:30pm, agus féasta fómhair cúig chúrsa ina dhiaidh sin ag tosú ag 7:00pm
  • Biachlár socraithe a chuireann béim ar an gcuid is fearr de tháirgeoirí Blas, a bheidh á gcur i láthair ar an oíche ag na cócairí Dermot Dalton (First Bite Catering) agus Martin Ruffley (Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh)
  • Miasa ina mbeidh bia ó sholáthraithe áitiúla mór le rá, lena n-áirítear Galway Bay Seafoods, Kelly Oysters, Anna Coston Cakes, Feirm Orgánach Beechlawn agus go leor eile
  • Deochanna ó cheardaithe áitiúla, Jin Mhicil san áireamh

Beidh roghanna veigeatóracha agus veigeánacha ar fáil, agus is féidir freastal ar riachtanais chothaithe.

Ticéid

  • €95 an duine (deoch fáilte agus deoch amháin leis an dinnéar san áireamh)
  • Beidh fíonta agus deochanna boga eile ar fáil lena gceannach
  • Spásanna teoranta - moltar go mór d’áirithint a dhéanamh go luath

Deir an Cócaire JP McMahon:
“Déanfar ceiliúradh ar fhréamhacha ársa na Samhna inár bhFéasta Fómhair le blasanna na Gaillimhe ar muir agus ar tír. Léirítear scéalta agus inbhuanaitheacht leis an mbia - féasta a cheanglaíonn muid lenár n-oidhreacht Cheilteach agus Éireannach agus taispeántas de tháirgeoirí agus de chócairí iontacha an cheantair.”

Sonraí an Imeachta

  • Dáta: 31 Deireadh Fómhair 2025
  • Ionad: Eaglais San Nioclás, Cathair na Gaillimhe
  • Am: Doirse oscailte ag 6:30pm, dinnéar ón 7:00pm

Eolas Áirithinte: www.tht.ie ó 10r.n Dé Déardaoin 16 Deireadh Fómhair 2025.

Tá féile Gaillimh Ah-Boo! na bliana seo á cur ar fáil i gcomhpháirtíocht le Féile Coiméide na Gaillimhe, Blas na Gaillimhe, Bia ar an Imeall, Féile Ealaíon Leanaí Baboró, An Geilleagar Oíche, Lally Tours, agus Experience Galway.

Tá Gaillimh Ah-Boo! - á chur i láthair mar chuid de chlár Home of Halloween Chathair na Gaillimhe, arna mhaoiniú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fáilte Éireann agus an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Related news