Ná fág rud ar bith i do dhiaidh!

Staff from the LItter Management Unit walking in a line with Mayor Mike Cubbard, at the Claddagh Basin

Agus Cathair na Gaillimhe faoi shoilse na hoíche, tá cuma nua ar bhoscaí bruscair sa Phóirse Caoch agus sa Chladach - ionas go dtabharfaidh lucht cóisire faoi deara go cinnte iad an samhradh seo. Tá nuamhaisiú déanta ar chúig bhosca bruscair chun aird an phobail a tharraingt agus an teachtaireacht seo go láidir orthu: “Tá dochar i ngach giotán bruscair”. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Garda Síochána agus gnólachtaí oíche tagtha le chéile chun an chóisir a choinneáil ag imeacht agus na sráideanna a choinneáil glan. Mar sin, nuair a bheidh tú amuigh ag baint sult as an tsiamsaíocht oíche i nGaillimh, cuimhnigh: An bosca bruscair a úsáid - nó an bruscar a thabhairt leat. Coinnímis Gaillimh gleoite, tar éis luí na gréine.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Tá ríméad orm sráideanna Chathair na Gaillimhe a fheiceáil lán le daoine agus iad ag baint sult as an gcathair le luí na gréine, cibé an ar laethanta saoire atá siad nó amuigh le haghaidh na hoíche. Níl aon áit níos fearr chun scíth a ligean cibé an bhfuil tú ag dul chuig féile nó amach ag ithe uachtar reoite. Ar an drochuair, nuair a éiríonn an ghrian arís, feicimid leibhéil neamhghnácha dramhaíola ar shráideanna na cathrach, in aice le boscaí bruscair folmha uaireanta. Infheistíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe acmhainní móra chun ár gcathair a choinneáil glan, leis an Aonad Bainistíochta Bruscair a bhíonn ar na sráideanna gach lá, beag beann ar an aimsir, ón 5am - ach tá sé an-dúshlánach déileáil leis an leibhéal dramhaíola seo. Bíonn droch-chuma ar an áit, agus d’fhéadfadh sé dul isteach i sruthchúrsaí agus dochar a dhéanamh don fhiadhúlra. Mar a deirtear ar na boscaí bruscair, ‘Tá dochar i ngach giotán bruscair’ - má tá bruscar agat, bíodh sé ina chupán caife, ina chlúdach ceapaire nó ina bhuidéal deochanna - cuir sa mbosca bruscair é, nó tabhair leat é - tabhair abhaile é nó cuir i mbosca bruscair eile é”. 

Tá gnólachtaí na háite a bhíonn ag saothrú san oíche agus an Garda Síochána ag tacú leis an bhfeachtas.

Dúirt Lisa Regan, Leas-Chathaoirleach, Cumann Trádálaithe Cheann Thiar na Gaillimhe, “I gCeann Thiar na Gaillimhe, táimid an-dáiríre faoin mbruscar - is é an ceantar seo ár mbaile agus ár bpobal, agus táimid bródúil as. Bímid amuigh ag cruinniú bruscair go rialta, agus feicimid go pearsanta an obair iontach a dhéanann foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar an talamh gach lá. Ach is freagracht chomhroinnte é seo. Má tá tú sa cheantar, bíodh meas agat air. Bí tuisceanach, glan suas i do dhiaidh féin, ná fág aon rian, agus bí béasach.” 

Dúirt an Ceannfort Paudie O’Shea, Stáisiún Gardaí na Gaillimhe, “Tacaíonn an Garda Síochána go huile agus go hiomlán leis an bhfeachtas seo.”

Feicfidh cuairteoirí chuig an bPóirse Caoch agus an Chladach painéil dhaite ar chúig bhosca bruscair sa cheantar, leis na teachtaireachtaí ‘Every Litter Bit Hurts’; ‘Ná Caith Uait É’; agus ‘I hate that empty feeling’ - cur chuige éadrom chun pointe dáiríre a dhéanamh. 

Cuirfear rollaí málaí plaisteacha ar fáil freisin, chun daoine a spreagadh lena gcuid bruscair a bhailiú seachas é a fhágáil ar fud na háite.

Tá físeán beo ar na meáin shóisialta faoi láthair a thaispeánann an méid bruscair a bhíonn le glanadh suas ag an Aonad Bainistíochta Bruscair, chun meabhrú do dhaoine sult a bhaint as a gcuid ama i nGaillimh, ach gan ligean do nóiméad leisciúlachta nó neamhairde ár gcathair a mhilleadh. 

Féach ar an bhfíseán ar chuntais meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (Facebook, Instagram, TikTok, Linkedin). 

Related news