Oíche Eolais reáchtáilte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Áitribh Fholmha a Athbheochan agus a Athshamhlú

Staff of GCC at VAcant and derelict homes event

Reáchtáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe oíche eolais ar áitribh fholmha agus thréigthe Dé Luain an 26 Bealtaine san Harbour Hotel i nGaillimh. Bhí breis is 200 duine ag an imeacht le tuilleadh eolais a fháil maidir leis na scéimeanna maoinithe agus tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil chun cabhrú le húinéirí áiteanna cónaithe a dhéanamh d'áitribh fholmha agus thréigthe.

Bhí plé duine le duine ag ionadaithe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le daoine a bhí i láthair, agus roinneadh eolas mionsonraithe ar dheontais d’áitribh fholmha agus thréigthe - deontais SEAI agus comhairle ó chomhairleoir NRG; Iasachtaí Tí ón Údarás Áitiúil agus Deontais Tithíochta le haghaidh Oiriúnuithe do Dhaoine faoi Mhíchumas; Cúnamh do Dhaoine Scothaosta; agus Scéimeanna Cabhrach Soghluaisteachta ina measc.

Bhí go leor suime sna deontais atá ar fáil d’úinéirí ar áitribh fholmha ag an imeacht. Is dreasachtaí iad an Scéim Deontais Athchóiriúcháin d’Áitreabh Folamh, an Scéim Ceannach agus Athnuachan agus an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe a chuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar fáil chun áitribh fholmha agus thréigthe a thabhairt ar ais ina n-áiteanna cónaithe arís.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na scéimeanna seo, téigh chuig suíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag www.GalwayCity.ie nó seol ríomhphost chuig VacantHomes@GalwayCity.ie 

Related news