Acmhainní maidir le ‘Páirceáil Níos Éasca do Chuairteoirí’ seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus ag Ionadaithe Chumann Tráchtála agus Ionadaithe Gnó na Gaillimhe

Mayor Cubbard with business and council reps at the launch of the business parking resource

 

Bhí ionadaithe Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus ionadaithe gnó in éineacht le Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, an tseachtain seo (Dé Céadaoin an 4 Feabhra) chun paca eolais nua ‘Páirceáil Níos Éasca do Chuairteoirí’ a sheoladh. Tá sé mar aidhm leis an bpaca seo eolas agus buntáistí a chur ar fáil do ghnónna ar féidir leo iad a chomhroinnt le custaiméirí nó baill foirne, más gá dóibh páirceáil le linn cuairt a thabhairt ar Chathair na Gaillimhe. Tá an acmhainn ar fáil ar líne ag www.GalwayCity.ie (féach thíos), agus beidh fáil ar chóipeanna clóite agus achoimrí ar féidir iad a chur isteach i sparán trí dhul i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag an uimhir 091 536 400 nó ag CustomerService@GalwayCity.ie

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Cuirtear fáilte roimh bhreis agus dhá mhilliún cuairteoir chun na cathrach gach aon bhliain, idir chuairteoirí ón tír seo agus chuairteoirí ó thar lear. De réir mar atá ag éirí níos coitianta in Éirinn agus thar lear, cuireann Cathair na Gaillimhe líon bealaí ar fáil chun íoc as páirceáil – bíodh sin ó chompord shuíochán an tiománaí tríd an aip, ar an nguthán, nó tríd an láithreán gréasáin, nó trí íoc le hairgead tirim nó cárta i siopa Payzone sa chathair. Tríd an acmhainn Páirceáil Níos Éasca do Chuairteoirí, tugtar eolas ‘gearr is greamaigh’ do ghnónna ionas gur féidir leo treoir a thabhairt do chustaiméirí faoi na roghanna íocaíochta atá ar fáil sa chathair, agus is féidir an t-eolas a chur ar láithreáin ghréasáin, nó is féidir leathanaigh a chur i gcló agus iad a roinnt le cuairteoirí, mar shampla. Cuirim fáilte roimh rannpháirtíocht Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus rannpháirtíocht ghnónna sa chathair maidir leis an acmhainn seo a chur chun cinn - mar, dá mhéad tacaíochta a thugtar do chustaiméirí an t-eolas a theastaíonn uathu a aimsiú, is ea is éasca a bheidh sé orthu teacht chun na Cathrach.”

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Faoin tráth seo, bhain breis agus 103,000 tiománaí úsáid as na seirbhísí íocaíochta páirceála nua, agus tá méadú ag teacht ar líon na dtiománaithe a íocann sna siopaí Payzone sa chathair. Tá an cur chuige ‘Digital Plus’ ag teacht le cathracha eile in Éirinn agus san Eoraip agus tacaíonn an cur chuige lenár dtreo straitéiseach.”

Dúirt an tUasal Cleary freisin, “Cé go gcuirtear roghanna digiteacha áisiúla ar fáil tríd an gcóras nua – ar an aip, ar an nguthán nó ar an láithreán gréasáin – aithnítear freisin nach bhfuil an chéim chéanna bainte amach ag gach duine ina n-aistear digiteach. Chun na críche sin, sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe le déanaí pacaí tacaíochta maidir le litearthacht in éineacht le gníomhaireachtaí, lena n-áirítear GRETB, Leabharlanna Chathair na Gaillimhe, agus Aoisghníomhaireacht Éireann, mar aon leis na hacmhainní eolais nua seo do chuairteoirí. Tá athbhreithniú ar bun faoi láthair maidir le comharthaíocht i gcarrchlóis, agus beidh comharthaíocht nua á suiteáil ionas go mbeadh sé níos éasca páirceáil a thuiscint agus íoc aisti. Ghlac sé roinnt ama ar dhaoine dul i dtaithí ar an athrú seo chuig roghanna ‘digital plus’. Mar sin féin, leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le feachtas cumarsáide réamhghníomhach chun tacú le cuairteoirí chun na cathrach íoc as páirceáil i gcomhréir leis an rogha is fearr a oireann dóibh. Tá ioncam seasta á fháil ó pháirceáil i gcónaí, ar léiriú é sin go bhfuil ag éirí le daoine an t-athrú a dhéanamh - agus leanfaimid orainn freisin de thacaíocht a thabhairt dóibh sin a bhfuil cuidiú ag teastáil uathu leis an athrú seo.”

Tá an méid seo a leanas san acmhainn ‘Páirceáil Níos Éasca do Chuairteoirí’:

  • Póstaer achomair maidir le Páirceáil i gCathair na Gaillimhe
  • Póstaer íoslódála don Aip maidir le Páirceáil i gCathair na Gaillimhe
  • Eolas faoi na Criosanna páirceála agus Táillí Páirceála
  • Láithreacha siopaí Payzone i gCathair na Gaillimhe 

San achoimre páirceála is féidir a chur i sparán, tugtar eolas barrlíne maidir le roghanna íocaíochta, ‘3 Chéim’ chun íocaíocht a dhéanamh, mar aon le sonraí maidir le tacaíocht do chustaiméirí. 

Tá an acmhainn ‘Páirceáil Níos Éasca do Chuairteoirí’ ar fáil ar líne ag www.GalwayCity.ie (féach thíos), agus beidh fáil ar chóipeanna clóite agus ar achoimrí ar féidir iad a chur isteach i sparán trí dhul i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag an uimhir 091 536 400 nó ag CustomerService@GalwayCity.ie

 

Íosluchtaigh acmhainní páirceála

Parking Made Easy for Our Visitors (English)

Parking Made Easy for our Visitors (Gaeilge)

Information and Learning Pack (English)

Information and Learning Pack (Gaeilge)

Business Card Parking Summary (English)

Business Card Parking Summary (Gaeilge)

Parking Information and Learning Posters

 

Íomhá:

Grianghraf a glacadh le linn sheoladh na n-acmhainní ‘Páirceáil Níos Éasca do Chuairteoirí’ (ó chlé go deas):Íomhá 2: Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhíse, Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Elaine Murphy, Príomhoifigeach Oibríochtaí, Cumann Tráchtála na Gaillimhe; Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard; Eveanna Ryan, Stiúrthóir Tráchtála Grúpa, Cumann Fáilteachais Chonnacht/ Cathaoirleach ar Fhóram Geilleagair Oíche Chathair na Gaillimhe agus Margaret Jenkins, Bainisteoir Fáilte Éireann i nGaillimh/Clár/Luimneach. Grianghraf: Aengus McMahon

Related news