Ardchaighdeáin Ghlaineachta Coinnithe ag Lár Chathair na Gaillimhe sna Torthaí IBAL is déanaí

Mayor Cubbard and members of the Litter Management Unit

 

Bronnadh an stádas ‘Níos Glaine ná Gnáthchaighdeáin Eorpacha’ ar Lár Chathair na Gaillimhe arís sna torthaí is déanaí ó Ghnólachtaí na hÉireann i gcoinne Bruscair (IBAL).  Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann de 10 n-áit in Éirinn a bhfuil an caighdeán ard seo bronnta uirthi.  Tháinig an dea-scéala agus gan é ach mí cheana ó bhuaigh Bailte Slachtmhara na Gaillimhe Bonn Óir do cheantar Lár na Cathrach.

Is léiriú ar an obair leanúnach atá ar bun i gCathair na Gaillimhe chun dul i ngleic le bruscar an áit ard a baineadh amach sa suirbhé, lena n-áirítear níochán cumhachta ar shráideanna lár na cathrach; piocadh suas bruscair agus glanadh sráide go laethúil; boscaí bruscair grianchumhachtaithe ardtoillte; stáisiúin uisce phoiblí chun buidéil uisce a líonadh; mar aon le tionscnaimh lena n-áirítear Scoileanna Glasa, Cóstaí Glana, bailiú Earraí Toirtiúla, agus Glantacháin Phobail i measc nithe eile.

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíochas a ghabháil leis na hoibrithe deonacha ar fad ar fud na cathrach, agus lenár bhfoireann bruscair féin as an mórtas atá acu as an gcathair. 

Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "Ní haon iontas é an toradh seo do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, áit a leanann ár bhfoireann ag obair le pobail ar fud na cathrach ar thionscnaimh chun bruscar a chosc agus a laghdú, lena n-áirítear Glantacháin Phobail rialta agus Glantachán Earraigh. Cinntíonn comhpháirtíochtaí na Comhairle le grúpaí áitiúla agus náisiúnta amhail Cóstaí Glana go bhfuil líonraí láidre oibrithe deonacha againn a bhfuil an-mhórtas acu as an gcathair. Gan trácht ar an obair iontach a dhéanann an tAonad Bainistíochta Bruscair atá againn gach lá inár gcathair - dream a chuireann tús leis an lá oibre ag 5am agus a leanann leis an obair i gcaitheamh na maidine agus an tráthnóna, chun a chinntiú go bhfuil sráideanna na cathrach glan agus go gcoinnítear i gcaoi mhaith iad gach lá. Is iarracht leanúnach i gcomhar a bhíonn i gceist dul i ngleic le bruscar nach bhféadfaí a bhaint amach gan dúthracht gnólachtaí áitiúla, grúpaí deonacha, scoileanna agus cónaitheoirí. Déantar comhghairdeas le gach duine as cathair níos glaine a dhéanamh de Chathair na Gaillimhe don chéad ghlúin eile.”

Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi fheachtais rialta ar an talamh agus sna meáin chun díriú ar cheantair bhruscair i lár na cathrach agus níos faide ó bhaile. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair le Curiocean agus le hOllscoil na Gaillimhe faoi láthair ar staidéar poiblí bruscair a bhfuil sé mar aidhm aige réitigh nuálacha bruscair a chur ar fáil ar fud na cathrach, agus béim ar leith á leagan acu ar bhuaicthréimhsí i mBóthar na Trá. 

Léiriú eile ar an obair mhór chomhoibríoch a rinneadh le bliain anuas ba ea an bonn óir a bhuaigh Bailte Slachtmhara na Gaillimhe. Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh gan Coiste na mBailte Slachtmhara a bheith ag comhoibriú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le gnólachtaí áitiúla. 

Tá tús áite á thabhairt go fóill don Bhaile Bán de réir mar a leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair le cónaitheoirí áitiúla chun réitigh bhruscair a chur ar fáil sa gceantar. 

Bhí baint mhór ag an Oifigeach Forfheidhmithe Dramhaíola David Walsh agus an Maor Pobail Eddie Ryan le cur i bhfeidhm Fhodhlíthe Dramhaíola Chathair na Gaillimhe sa Bhaile Bán in 2025, go háirithe córas na dtrí bhosca bruscair, trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le cónaitheoirí. 

Thug an fhoireann sa Rannóg Comhshaoil faoi roinnt imeachtaí glantacháin phobail a raibh teaghlaigh agus cónaitheoirí na háite páirteach iontu. Bhailigh ár gcuid foirne os cionn 100 mála dramhaíola in aon imeacht glantacháin amháin. Tugadh chun bealaigh an dramhaíl ar fad ag an mbosca leictreach ag an mbealach isteach chuig an bhFána Glas, a bhí an-ghránna ag breathnú tráth agus a raibh go leor dumpáil mhídhleathach ag tarlú ann, agus phéinteáil ealaíontóir áitiúil é le cúnamh ó pháistí an cheantair.

Rinneadh suirbhéanna le dróin ar an gceantar agus tá an méid mór dramhaíola a bhí i gceantair in aice le Fána Glas aimsithe agus tugtha chun bealaigh.

Ina theannta sin, tá roinnt Pointí Seiceála Feithicle Ilghníomhaireachta déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gCathair agus i gContae na Gaillimhe chun gluaiseacht dramhaíola mídhleathaí isteach sa mBaile Bán a aithint agus a shrianadh, agus féachfaidh sí le tuilleadh seicphointí a dhéanamh i dToghlimistéar Áitiúil an Oirthir.  Tá céimeanna móra glactha chun polasaí TCI a chur i bhfeidhm sa gceantar – tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe muiníneach go mbeidh TCI i bhfeidhm sa mBaile Bán in 2026, chun dumpáil mhídhleathach dramhaíola a stopadh agus a chosc.

 

Related news