‘Bí ag Damhsa, Cothaigh Nasc, Bí faoi Bhláth: ‘Céimeanna Sóisialta’ ar mhaithe le Sláinte Níos Fearr seolta ag Cathair Shláintiúil na Gaillimhe

Dance class in session with a man to the foreground leading and clapping his hands

 

Tá fáilte á cur ag Cathair Shláintiúil na Gaillimhe agus ag Aoisbhá Chathair na Gaillimhe roimh chách chuig 'Céimeanna Sóisialta', sraith ceardlann damhsa do dhaoine atá os cionn 55 bliana d'aois. Beidh ceardlanna damhsa ar siúl ar an Luan in Ionad Pobail an Taobh Thiar, in Ionad Acmhainní Pobail an Bhaile Bháin, agus in Ionad Comharsanachta Bhaile an Phoill/an Chaisleáin Ghearr. 

Is é an Múinteoir Damhsa Sóisialta Gairmiúil Niall Doorhy a bheidh i mbun na ranganna seo a bhfuil an-tóir orthu agus ina dtabharfar blaiseadh de dhamhsaí ar nós damhsa líne, jeighbh, válsa agus go leor eile. Tá na ranganna oiriúnach do gach leibhéal cumais agus taithí, go deimhin níl aon taithí ag teastáil agus díreofar ar spraoi, ar aclaíocht réidh agus ar nasc sóisialta a chothú. 

Tá ranganna ‘Céimeanna Sóisialta’ curtha le chéile sa gcaoi is go bhfuil siad oiriúnach do dhaoine fásta atá os cionn 55 bliana d’aois agus níl aon táille i gceist le freastal orthu. Níl aon cheangal ar aon duine freastal ar gach rang agus is féidir le rannpháirtithe teacht mar is mian leo. 

“Tá sé cruthaithe gur bealach taitneamhach é an damhsa chun fanacht súpláilte agus folláin,” a dúirt Aisling Colreavy, Comhordaitheoir Cathair Shláintiúil na Gaillimhe. “I measc na mbuntáistí a bhaineann leis tá go bhfeabhsaíonn sé an chaoi a n-oibríonn an croí agus na scamhóga, go gcuireann sé le neart na matán, go bhfeabhsaíonn sé comhordú, solúbthacht agus folláine ghinearálta an duine. Tá nasc idir damhsa freisin agus feidhmiú intinne níos fearr, folláine níos fearr agus féinmhuinín agus féinmheas níos fearr.” 

Reáchtáladh ‘Céimeanna Sóisialta’ den chéad uair anuraidh agus thaitin siad go mór leis ag na daoine sin a d'fhreastail ar na ranganna go rialta. Is éard a dúirt rannpháirtí amháin: “Tá na ranganna an-taitneamhach”. “Tá an t-atmaisféar cairdiúil agus fáilteach, is múinteoir iontach é Niall, agus bainim taitneamh as i gcónaí agus braithim go hiontach i ndiaidh an ranga.” 

Má tá tú os cionn 55 bliana d’aois agus dá dtaitneodh agat freastal ar cheann de ranganna ‘Céimeanna Sóisialta’, glaoigh ar Nessa Egan ar an uimhir 087 488 5383 nó seol ríomhphost chuici ag nessa.egan@galwaycity.ie chun clárú.

Tá an tionscadal seo á mhaoiniú tríd an gCiste Éire Shláintiúil le tacaíocht ón Roinn Sláinte, agus trí Chlár Aoisbhá Chathair na Gaillimhe le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

Related news