D’fhreastail daltaí as Scoil Náisiúnta Radharc na Mara, an Baile Bán ar sheoladh oifigiúil a roisc lán fuinnimh in aghaidh an bhruscair 'PICK IT UP (EASTSIDE ENERGY)', a scríobhadh mar chuid de thionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar leis an gcomharghrúpa ceoil óige The Kabin Studio.
Bhí seoladh oifigiúil an amhráin agus an fhíseáin ar siúl in Óstán an Radisson Red i Mervue, arbh ionann é agus toradh na míonna atá caite daltaí rang a cúig ag pleanáil, ag cumadh agus ag scríobh i gcomhar le The Kabin Studio agus le baill foirne ón bhFoireann Comhshaoil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, tar éis do Music Generation na Gaillimhe iad a chur in aithne dá chéile.
Díríonn 'PICK IT UP (EASTSIDE ENERGY)' ar théamaí a bhaineann leis an bpobail áitiúil, leis an timpeallacht a chosaint agus le mórtas áite. Iarrann na páistí ar a bpobal áitiúil seasamh leo agus gan géilleadh, a gcuid a dhéanamh, agus a thabhairt le fios gur féidir le Taobh Thoir an Baile Bháin beart a dhéanamh!”
Is mór an saineolas atá ag an gcomharghrúpa The Kabin Studio, a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige lena fhíseán mearscaipthe ‘The Spark’ (2024), ar thionscadail chruthaitheacha atá dírithe ar dhaoine óga agus roinn siad an saineolas sin leis na páistí chun go mbeadh siad in ann a dtaithí féin a chur in iúl trí amhrán dearfach atá dírithe ar an bpobal.
Rinneadh an físeán don amhrán a thaifeadadh in áiteanna éagsúla i gceantair Mervue agus an Bhaile Bháin i gcathair na Gaillimhe, agus cuireadh beocht ann agus na páistí ag cur a rapcheoil bhríomhair, spleodraigh i láthair. Lá ceiliúrtha bríomhar pobail a bhí i lá na scannánaíochta, agus bhí cumainn na gcónaitheoirí, baill d'ionaid phobail, ionadaithe ó Fhoróige agus ó ghairdín pobail na háite páirteach ann agus ag tacú leis.
Mhol an Clr Helen Ogbu, Méara Chathair na Gaillimhe, na taibheoirí óga agus an mórtas áite atá i gceist leis an tionscnamh: “Leagann an tionscnamh iontach seo béim ar chruthaitheacht, ar phaisean agus ar mhórtas áite ár ndaoine óga ar an mBaile Bán. Is iontach an rud é daltaí rang a cúig i Scoil Náisiúnta Radharc na Mara a fheiceáil ag glacadh seilbhe ar a dtimpeallacht agus ag díriú a gcuid fuinnimh ar theachtaireacht an-chumhachtach. Is léir ón méid atá bainte amach acu go dtosaíonn fíorathrú i gcroílár ár bpobal féin. Is ábhar inspioráide é a fheiceáil mar a léiríonn an físeán seo an bunathrú dearfach atá ag tarlú ar an mBaile Bán.”
Tá an tionscnamh seo ag tarlú an t-am céanna a bhfuiltear ag cur feabhas mór ar an mbainistíocht bruscair sa gceantar. D’éirigh le gnóthaigh an Baile Bán scór i bhfad níos fearr a bhaint amach i suirbhéanna Ghnólachtaí na hÉireann i gcoinne Bruscair i mí an Mheithimh 2026. Léiríonn sé seo an obair leanúnach atá ar bun ag muintir na háite agus ag ionaid phobail, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, chun beocht a chur sa gceantar arís.
Dúirt Fergal Cushen, a bhí ag obair ar an tionscadal mar chuid dá dhualgais mar Oifigeach Feasachta Comhshaoil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Thug an comhoibriú le The Kabin Studio ardán do na daltaí chun a gcuid buanna ealaíonta a chur in iúl agus an mórtas ollmhór atá acu san áit ina gcónaíonn siad a léiriú. D’fhág an deis a tugadh do na daltaí criú gairmiúil a bheith á dtaifeadadh ina gceantar féin muinín agus mothú láidir seilbhe dóibh. Léirigh an fháilte chroíúil a chuir muintir na háite roimh an tionscadal ar an lá féin a thábhachtaí is atá sé don phobal ar fad. Buíochas le Music Generation na Gaillimhe as an nasc a dhéanamh le Kabin Studios.”
Dúirt David Walsh, Oifigeach Forfheidhmithe Dramhaíola le Comhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá eisiúint an fhíseáin cheoil den scoth seo mar chuid de thionscadal níos leithne ar an mBaile Bán, ina dtugtar glantacháin phobail, forfheidhmiú níos déine ar na fodhlíthe agus suiteáil ceamaraí teilifíse ciorcaid iata ag láithreacha ina ndéantar dumpáil mhídhleathach go minic le chéile. Tá an obair seo, mar aon leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun ag ár bhfoireann Feasachta Comhshaoil agus ag ár bhfoireann Forfheidhmithe, chomh maith leis an bpobal áitiúil, ag cuidiú le torthaí dearfacha a bhaint amach. Léiríonn sé a thábhachtaí atá sé oibriú as lámha a chéile chun an timpeallacht a chosaint agus timpeallacht níos glaine a chothú ar mhaithe le cách.”
Tá an tionscadal seo maoinithe ag Tionscnamh Frithdhumpála na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Comhpháirtithe Tionscadail: Comhairle Cathrach na Gaillimhe, The Kabin Studio Scoil Náisiúnta Radharc na Mara, Music Generation na Gaillimhe.
Tá an fiseáin le fáil ar InstagramFacebook TikTokYouTube agus LinkedIn