Fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, trí Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chathair na Gaillimhe (CFPÁ), go mbeidh €141,688 de chistiú caipitil ar fáil do ghrúpaí pobail áitiúla agus do chlubanna laistigh de limistéar riaracháin Chathair na Gaillimhe amháin faoi scéim nua na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (DRCDG), Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2026.
Tacóidh an LEP le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, chun deisiúcháin agus feabhsuithe riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, trealamh a cheannach, mar shampla, boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, forscáthanna agus trealamh traenála srl.
Faoin gclár, déanfaidh CFPÁ Chathair na Gaillimhe cuid den mhaoiniú a imfhálú chun deontais bheaga chaipitil €1,000 nó níos lú a chur ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas líon níos mó grúpaí a bhfuil acmhainní teoranta acu maoiniú a fháil.
Tá an scéim leagtha amach chun a chinntiú go ndéanfar tosaíochtaí áitiúla a aithint agus a chur i gcrích, d’fhonn áiseanna pobail a fheabhsú do gach duine agus d’fhonn cur leis na háiseanna pobail sin. Ba chóir go mbainfeadh iarratais le príomhcheantar tosaíochta amháin nó níos mó mar a aithnítear i bPlean Pobail agus Eacnamaíochta Áitiúil Chathair na Gaillimhe 2024 – 2029 atá le fáil ar líne ag https://www.galwaycity.ie/local-economic-and-community-plan/lecp..
Reáchtálfar Seimineár Gréasáin le hEolas faoin Deontas ar líne Déardaoin 22 Eanáir 2026 ag 7pm, seol ríomhphost chuig development@gccn.ie chun clárú don nasc.
Beidh ábalta iarratais a dhéanamh ar líne amháin ón Mháirt, an 3 Feabhra, chun tuilleadh eolais a fháil faoin nasc iarratais ar líne, téigh chuig: https://www.galwaycity.ie/ga/services/pobal/clar-feabhsuchain-aitiuil-2026
4.00Pm Dé hAoine, an 27 Feabhra 2026 an spriocdháta do gach iarratas ar líne.
Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Féach an nasc seo a leanas chuig an bpreasráiteas ag fógairt Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026 ar an leibhéal náisiúnta, ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, agus ag an Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Jerry Buttimer TD: https://www.gov.ie/en/department-of-rural-and-community-development-and-the-gaeltacht/press-releases/ministers-calleary-and-buttimer-announce-new-7-million-local-enhancement-programme-2026/