Reáchtáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe an dara Cruinniú Comhairle Gaeilge bliantúil an tseachtain seo (Dé Luain an 9 Márta 2026), an tráth céanna a bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl go náisiúnta. Bhí seirbhís aistriúcháin ar fáil le linn an chruinnithe, agus cuireadh cáipéisíocht agus míreanna an chruinnithe ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Mar ullmhúchán don chruinniú, ghlac roinnt Comhaltaí Tofa agus an Ardbhainistíocht páirt i gcúrsa oiliúna cónaitheach dhá lá de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, ar a gcampas ar an gCeathrú Rua. Tugadh deis do na rannpháirtithe cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid cainte, agus uasoiliúint a dhéanamh sa nGaeilge.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Anois agus Seachtain na Gaeilge linn – déanaimid ceiliúradh ar ár dteanga agus ar ár bhféiniúlacht Ghaelach. Tá caidreamh ar leith speisialta ag Cathair na Gaillimhe le céad teanga na tíre. Mar chathair dhátheangach agus mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, le dhá cheantar mór Gaeltachta, tá ról tábhachtach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaobh an teanga a chur chun cinn agus an teacht atá ag daoine ar sheirbhísí trí Ghaeilge a chinntiú. Is deis é an Cruinniú Comhairle Gaeilge bliantúil don fhoireann oibre agus do na Comhaltaí Tofa araon ár dtacaíocht agus oscailteacht i leith na rannpháirtíochta trí Ghaeilge a léiriú.”
Ag labhairt dó leis na Comhaltaí Tofa agus leis an bhFoireann a bhí ag glacadh páirt sa gcruinniú, dúirt an Comhairleoir Peter Keane, a bhí i mbun chúraimí an Chathaoirligh ar an gcruinniú, “B'fhéidir go bhfuil cuid againn a chaith an foclóir amach leis an mála scoile – agus is ann is mó moladh atá tuilte agaibh as bhur páirt a ghlacadh inniu.”
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá uainne anseo i gComhairle Cathrach na Gaillimhe go mbeadh Gaeilge i lár na sráide in obair na Comhairle. Chuige sin, beidh muid ag tógáil céimeanna i mbliana —ina measc painéal Gaeilge le haghaidh fostaithe chun déileáil leis an bpobal. Go deimhin, tá eilimintí den Ghaeilge-gan-stró iad féin i mbéal a bhforbartha anseo sa gComhairle agus fás agus nach iontach go deo iad. Táim i bhfách le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a neartú ar fud an údaráis áitiúil, taobh amuigh den chruinniú Gaeilge bliantúil. Tá obair fho-SPC na Gaeilge lárnach i dtaca leis sin, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an choiste as a rannpháirtíocht agus as an méid atá déanta acu ina leith go dtí seo.”
I mí an Mhárta 2025, reáchtáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe cruinniú a bhí dátheangach go hiomlán (Gaeilge/Béarla) - an chéad chruinniú dá leithéid i stair na Comhairle - agus ba é fo-SPC na Gaeilge a mhol go reáchtálfaí an cruinniú dátheangach. Is é seo an dara cruinniú Gaeilge ag an údarás áitiúil.
Is cathair dhátheangach í cathair na Gaillimhe, ina bhfuil dhá cheantar mór Gaeltachta - i gCnoc na Cathrach, agus sa Bruach Thoir, lena n-áirítear Tír Oileáin, Na Cualacha, Mionlach, Baile an Dúlaigh, Baile an Phoill, An Pháirc Mhór agus codanna den Chaisleán Gearr.
Is 'Baile Seirbhíse Gaeltachta' é Cathair na Gaillimhe chomh maith – is é sin baile atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó in aice le ceann, agus a chuireann seirbhísí agus áiseanna ar fáil do phobal na Gaeltachta.
Tá líon suntasach cainteoirí Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, 32,708 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, de réir Dhaonáireamh 2022.
Sa ghrianghraf ag an gcúrsa oiliúna cónaitheach Gaeilge dhá lá in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, ina gcampas ar an gCeathrú Rua tá (ó chlé go deas): Ailish Rohan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach; an Comhairleoir Eddie Hoare; an Comhairleoir Frank Fahy; an Comhairleoir John McDonagh; Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach; Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard; Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhisí; an Comhairleoir Helen Ogbu; Sally-Ann O’Brien, an Ceannasaí Turasóireachta; Sharon Carroll, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach.