TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:
An Chraein Bheag (L-5111): Ón tSráid Nua Thiar (L-5112) go dtí Sráid Liam Thiar (L-5113).
An Tréimhse Dúnta:.24/7 ó Dé hAoine an 1 Bealtaine 2026 go dtí Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair 2026.
An Chúis: Chun spás a sholáthar le haghaidh ithe faoin aer, féilte agus imeachtaí.
Coinneofar rochtain áitúil i gcónaí.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00pm Déardoin 19ú Marta.