DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Bóthar an Bhaile Bháin

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Bóthar an Bhaile Bháin: Ó Acomhal Bhóthar Mhuine Mheá go hAcomhal Bhóthar Pháirc an Chaisleáin

An Tréimhse Dúnta: Ó 09.30am go 16.00pm ón 20 Aibreán go dtí an 18 Bealtaine 2026.

An Chúis: Oibreacha athdhromchlaithe feadh Bhóthar an Bhaile Bháin

Bealaí Atreoraithe: Cuirfear an trácht ar mhalairt slí trí

  • Bhóthar Mhuine Mheá (Thoir) anuas Bóthar Pháirc an Chaisleáin go Bóthar an Bhaile Bháin,
  • Bóthar Mhuine Mheá (Thoir) go Bóthar Mhuine Mheá (Thiar),
  • Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bóthar Mhichíl Uí Choileáin, Ascaill Uí Chonghaile, Bóthar an tSeoighigh, Bóthar Thuama, Bóthar na dTreabh.

 

Beidh bealach áitiúil rochtana agus bealach rochtana do choisithe agus ag rothaithe an t-am ar fad.

Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná Déardaoin an 2 Aibreán 2026.