DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 - Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 - Airteagal 12 - Fógra Rúin - Ardán na bhFiach

slider_RoadClosure01.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ordú dúnta a dhéanamh maidir le:

Ardán na bhFiach: Idir na hAcomhail ag Sráid Dhoiminic Íochtarach agus an cúinne ag Gourmet Tart.

An Tréimhse Dúnta: Ón 08.00AM go 06.00PM, ó Dé Luain an 14 Meán Fómhair go dtí Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2026. 

An Chúis: Iniúchadh láithreáin do chóras cosanta tuilte.

Bealaí Atreoraithe:   Is trí Bhóthar Chnoc an Dalláin Uachtarach a bheidh an bealach atreoraithe.      

Coinneofar bealach áitiúil rochtana, nuair is féidir, taobh istigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm cheana sa gceantar coisithe. 

Beidh bealach isteach ag Feithiclí Éigeandála an t-am ar fad.

Beidh comharthaíocht atreoraithe in airde sula gcuirfear tús leis an obair.

Is féidir cáipéisí a scrúdú ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8,le linn gnáthuaireanta oibre, ó 9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i scríbhinn faoin dúnadh sealadach beartaithe a chur faoi bhráid Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost ar:  roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12.00PM Déardaoin an 3 Meán Fómhair 2026.