Gaillimh ag Neartú a Comhpháirtíochta Forbartha Óige le After School Matters

Mayor speaking with kids in classroom

Bhuail Comhairle Cathrach na Gaillimhe le After School Matters (ASM) inné (12 Lúnasa 2026) mar chuid de chlár Comhchathrach Chicago, ar mhaithe le comhpháirtíocht atá ag fás agus atá dírithe ar fhorbairt óige, cruthaitheacht agus rannpháirtíocht phobail a chur chun cinn.

Tacaíonn ASM le beagnach 20,000 duine óg ar fud Chicago gach bliain trí chláir íoctha a chuireann le  scileanna, muinín agus ceannaireacht na rannpháirtithe. Tugadh léargas do ​​thoscaireacht na Gaillimhe ar struchtúr, tionchar agus cur chuige ASM i leith chumhachtú na hóige.

Labhair an Méara ar Chathair na Gaillimhe, an Clr Helen Ogbu faoi thábhacht rannpháirtíocht na hóige ina cuid oibre féin:

“Bhí tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga lárnach i mo ról i nGaillimh i gcónaí. Nuair a thugtar spás do dhaoine óga ceannaireacht a dhéanamh, a chruthú agus a bheith páirteach, neartaíonn siad a bpobail agus múnlaíonn siad todhchaí ár gcathrach.”

Leag an toscaireacht béim ar thionscnamh le déanaí i nGaillimh faoi stiúir Fergal Cushen, áit ar chruthaigh daltaí bunscoile sa mBaile Bán físeán rap mar chuid d’fheachtas feasachta comhshaoil. “Sampla simplí, ach cumhachtach — daoine óga ag baint úsáid as an gcruthaitheacht chun tionchar a imirt ar a gcomharsanacht agus a nglórtha a chur in iúl” an cur síos a rinne an Méara air.

Léirigh an dá chathair dúthracht i dtaobh comhpháirtíocht fhadtéarmach a fhorbairt. Tabharfaidh ASM cuairt ar Ghaillimh níos déanaí sa mbliain chun bualadh le heagraíochtaí óige, ceannairí pobail, agus comhpháirtithe oideachais.

Is céim shuntasach chun cinn a bhí sa gcruinniú i dtreo deiseanna foghlama comhroinnte agus malartaithe a fhorbairt do dhaoine óga sa dá chathair.

Related news