I dtaispeántas nua i Músaem Cathrach na Gaillimhe, Na Treibheanna san Ungáir: Walter Lynch agus Ferenc Martyn, scrúdaítear beirt de shliocht Threibheanna na Gaillimhe a maireann a n-oidhreacht go fóill san Ungáir.
Arna mhaoiniú mar chuid den Chlár Cultúir maidir le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle Aontas na hEorpa 2026 i gcomhar le hAmbasáid na hUngáire i mBaile Átha Cliath, le Taisce Dheoise Győr, le Deoise na Gaillimhe agus le Deoise Chluain Fearta, beidh an taispeántas i ngailearaithe sealadacha faoi dhíon agus faoin spéir ag Músaem Cathrach na Gaillimhe.
Taobh amuigh den mhúsaem, is féidir leis an gcuairteoir taitneamh a bhaint as rogha de shaothair iontacha ealaíne le Ferenc Martyn duine a rinne ceannródaíocht maidir le péintéireacht agus dealbhadóireacht i saol na healaíne san Ungáir. Chuir Robert Martyn, a shin-sin-seanathair, faoi san Ungáir i rith an 19ú céad agus bhraith Ferenc an ceangal le dúchas na Gaillimhe ar feadh a shaoil cé nach móide, de réir mar a thuigtear, gur leag sé cois anseo riamh.
Faoi dhíon, istigh sa músaem féin, léirítear sa taispeántas an saol a chaith Walter Lynch, Gaillmheach agus fear eaglasta a raibh cáil mhór air i rith an 17ú céad mar gheall ar a pháirt i ngluaiseacht an Fhrith-Reifeirméisin ina Easpag Chluain Fearta dó. Dhíbir fórsaí Chromail chun na hEorpa é agus fuair sé tearmann sa deireadh in Győr na hUngáire. Tá nithe spéisiúla ó ré an Loingsigh in Győr le feiceáil sa taispeántas seo, cailís de chuid na Gaillimhe ina measc, le caoinchead an Fhondúireacht Poleberry.
Ar cheann de phríomhghnéithe an taispeántais, tá cóip de ‘Our Lady of Győr’ nó den ‘Irish Madonna’ as an Ardeaglais i mBaile Locha Riach. Creidtear gur leis an Easpag Walter Lynch a tháinig an bunsaothar go Győr. Blianta tar éis bhás an Easpaig, deirtear gur thosaigh deora fola ag sileadh ón bpictiúr ar an 17 Márta 1697.
Is éard a dúirt Adam Stoneman, Stiúrthóir Gníomhach Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe: “Baineann scéalta shaol agus shaothar Walter Lynch agus Ferenc Martyn le creideamh, saoithiúlacht, deoraíocht, tearmann, imirce agus diaspóra – gnéithe a bhfuil a macalla le brath go láidir inniu. Feictear ón taispeántas seo an cultúr anonn agus anall ar feadh na gcéadta bliain idir Gaillimh, an Ungáir agus an Eoraip agus meabhraítear dúinn go mbíodh caidreamh seasta síoraí ag an gcathair seo le háiteanna eile ar an domhan.”
Is éard a dúirt an Dr Gergely Bánhegyi, Ambasadóir na hUngáire chun na hÉireann: “Táthar an-bhuíoch de Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe a thug go bhféadfaí an taispeántas seo a chur ar siúl — taispeántas a bhfuil tábhacht faoi leith leis sa mbliain 2026 agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar chothrom 50 bliain ó cuireadh caidreamh taidhleoireachta ar bun idir an Ungáir agus Éire. Is breá linn go bhfuil Walter Lynch agus Ferenc Martyn, mar gheall ar an taispeántas seo, ar ais ina mbaile dúchais. Is samplaí na scéalta a bhaineann leo den cheangal staire agus cultúir idir an dá thír. Is ábhar áthais ómós don oidhreacht seo a chruthú i nGaillimh agus ceiliúradh a dhéanamh ar an muintearas atá go fada seasmhach idir daoine sa dá áit.”
Le bailiúchán spéisiúil de ghrianghraif, de phriontaí de shaothair ealaíne, de dhéantúsáin phearsanta agus d’ábhar fuaime, léirítear don chuairteoir ag an taispeántas seo gné de scéal Ghaillimh na dTreibheanna nach mbíodh dóthain tráchta air go dtí seo.
Na Treibheanna san Ungáir: Walter Lynch agus Ferenc Martyn - ar siúl anois agus go dtí an 31 Márta 2027. Tá cead isteach saor in aisce. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar GalwayCityMuseum.ie.