Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuiltear ag cur tús anois le hathfhorbairt €19 milliún ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, sprioc thábhachtach i seachadadh ceann de na tionscadail bhonneagair chultúir agus turasóireachta is tábhachtaí sa gcathair.
Tá Fáilte Éireann ag tacú leis an tionscadal, atá ag cur €12.6 milliún i dtreo na hathfhorbartha iomláine ar fiú €19 milliún í, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Mar chuid den athfhorbairt, cuirfear síneadh nua trí stór leis an Músaem, cuirfear spásanna taispeántais agus oideachais níos fearr ar fáil, mar aon le hinrochtaineacht níos fearr, córais struchtúrtha agus draenála uasghrádaithe, agus pointe féachana nua ag breathnú amach ar an bPóirse Caoch, ceann de na suíomhanna oidhreachta is aitheanta i nGaillimh. Is infheistíocht mhór é an tionscadal i dtodhchaí chultúir na Gaillimhe agus neartóidh sé seasamh na cathrach mar cheann scríbe ceannródaíoch don oidhreacht, don fhoghlaim agus don turasóireacht.
Is iad Carey Building Contractors atá ceaptha chun an obair a chur i gcrích agus tá tús á chur leis an obair thógála ar an suíomh anois. Déanfaidh Foireann Forbartha Tionscadail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maoirseacht ar rialachas tionscadail, ar chumarsáid agus ar rannpháirtíocht páirtithe leasmhara le linn na tréimhse tógála.
Is éard a bhí le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Leonard Cleary inniu: “Is infheistíocht bhunathraitheach í an athfhorbairt seo i mbonneagar cultúir na Gaillimhe. Cuirfidh an Músaem méadaithe deiseanna nua foghlama, ateangaireachta agus rannpháirtíochta pobail ar fáil, agus ag an am céanna cuirfidh sé feabhas ar eispéireas na gcuairteoirí agus tacóidh sé leis an ngeilleagar turasóireachta i gcoitinne.’
Bainisteofar an tógáil chun an méid a chuirfear isteach ar ghnólachtaí áitiúla, ar na daoine atá ina gcónaí sa gceantar agus ar chuairteoirí a laghdú a oiread agus is féidir. Eiseofar nuashonruithe rialta trí chainéil chumarsáide Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, lena n-áirítear fógraí ar an suíomh gréasáin, ar na meáin shóisialta, agus seisiúin faisnéise na gComhairleoirí.